An tAlt

Caibidil 1: The Definite Article

1.1 Ginearálta #

1.1.1 Foirm an Ailt agus Suíomh #

Alt amháin atá sa Ghaeilge – an t-alt cinnte. Deirtear gur ainmfhocal cinnte ainmfhocal atá faoi réir ag an alt. Tá dhá fhoirm den alt ann: an agus na. Is roimh an ainmfhocal a chuirtear an t-alt, e.g., an baile; an mhír; na caoirigh; teach na cúirte; nó roimh cibé focal a chuirtear roimh an ainmfhocal lena cháiliú, e.g., an uile dhuine; scéal mhadra na n-ocht gcos; tús na chéad seachtaine. Is féidir an t-alt a chur in ionad na haidiachta sealbhaí, e.g., Tá an croí ag cur air; Bhí an ghrian ag baint na súl asam.

1.1.2 Ceannlitreacha i Lár Abairte #

Is litir bheag a bhíonn ar an alt i lár abairte, e.g., Nach raibh tú ag an Oireachtas i mbliana?; Bhí aithne mhaith agam ar an Seabhac; ach amháin i gcásanna áirithe amhail teidil foilseachán, e.g., Cé a scríobh An tOileánach?

1.1.3 Teidil Neamhspleácha #

Má tá teideal a bhfuil an t-alt ann (féach 1.1.5(a), (b) agus (c)) á scríobh ina aonar, mar shampla ar fhógra poiblí nó ar cheannpháipéar, cuirtear an t-alt leis i gcónaí agus is ceannlitir a bhíonn air, e.g., An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh; Na Coimisinéirí Ioncaim; An Ceoláras Náisiúnta.

1.1.4 Úsáid an Fhleiscín le t agus h #

Cuirtear fleiscín idir an réamhlitir t agus guta, ach amháin nuair is ceannlitir an guta, e.g., an t-ospidéal, an tAlbanach. Ní chuirtear fleiscín idir an réamhlitir t agus s, e.g., an tsaoirse; an tSionainn; tús an tsaoil; ná idir an réamhlitir h agus guta, e.g., na hainmneacha; lár na habairte; stair na hUachtaránachta.

1.1.5 Cásanna Sonracha Úsáide #

Úsáidtear an t-alt sna cásanna seo a leanas:

(a) Teidil oifige, e.g., an tAire Airgeadais, an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, an Taoiseach, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

  • Beidh an tAire Airgeadais ag freastal ar an gcruinniú.
  • Cá bhfuil an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin?
  • Tá an Taoiseach ag labhairt leis na daltaí.
  • An é sin Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe?

(b) Teidil ranna rialtais agus comhlachtaí stáit, e.g., an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Oifig um Rialú Tobac, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Phríomh-Oifig Staidrimh.

  • Is san fhoirgneamh sin thall atá an Roinn Oideachais agus Scileanna.
  • Chuaigh Seán go dtí an Oifig um Rialú Tobac.
  • Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an-ghnóthach.
  • Seo an Phríomh-Oifig Staidrimh.

(c) Teideal duine roimh ainm dílis, e.g., an tAthair Peadar Ua Laoghaire, an Captaen Ó Murchú, an tUachtarán Mhic Róibín, an Teachta de Barra, an Múinteoir Ailbhe, an Pápa Eoin Pól II, an Rí Anraí VIII.

  • Ba é an tAthair Peadar Ua Laoghaire a scríobh an dráma An Sprid.
  • Labhair an Captaen Ó Murchú leis na himreoirí.
  • Bhí an tUachtarán Mhic Róibín le feiceáil sa ghrianghraf.
  • Beidh an Dochtúir de Barra ar saoire ar feadh seachtaine.
  • Tá an Múinteoir Ailbhe i bhfeighil ar rang a sé i mbliana.
  • Is í an Bhanríon Elsa a Dó atá sa scannán.

(d) Féilte, e.g., an Nollaig, an Cháisc, an Carghas.

  • Tá an Nollaig ag teannadh linn.
  • Is i mí an Mhárta a bheidh an Cháisc i mbliana.
  • Rinne mé an Carghas ar an ól.

Nóta: Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear an t-alt i leaganacha dobhriathartha áirithe, e.g., faoi Cháisc, um Nollaig, faoi Bhealtaine.

(e) Laethanta na seachtaine, e.g., an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin.

  • Is é an Luan an lá is ansa liom.
  • Téim ag snámh ar an Máirt.
  • Inniu an Chéadaoin.

Nóta: Tabhair faoi deara go n-úsáidtear an dobhriathar ama Dé in ionad an ailt nuair atáthar ag tagairt do lá áirithe, e.g., Bhí mé ag caint leis Dé Céadaoin seo caite. Má tá réamhfhocal á úsáid roimh lá áirithe, déantar an t-alt a chumasc leis an réamhfhocal, e.g., Ní mór na hiarratais a bheith faighte faoin Aoine, an 16 Bealtaine.

(f) Míonna na bliana: Úsáidtear an t-alt leis na míonna Márta, Bealtaine, Meitheamh, Samhain agus Nollaig. Ní úsáidtear an t-alt leis na míonna eile, ach amháin sa leagan calctha san Aibreán.

  • Is minic a bhíonn mí Eanáir níos fuaire ná mí na Nollag.
  • Tá an Cháisc i mí an Mhárta seachas mí Aibreáin i mbliana.

(g) Dátaí: Is cóir an t-alt a úsáid nuair a dhéantar tagairt do dhátaí in abairt.

  • Ba chóir é a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain.
  • Beidh an chóisir ar siúl ar an 12 Aibreán.
  • Baineann na ráitis airgeadais leis an mbliain dar chríoch an 31 Nollaig 2014.
  • Pósfaidh siad an 26 Feabhra.
  • Ní ghlacfar le haon iarratas a gheofar tar éis an 7 Márta 2016.

Nuair atá an dáta leis féin – ar bharr litreach, nó mar dháta le sonrasc nó le hAcht, etc.– fágtar an t-alt ar lár, e.g., 26 Feabhra 2014.

(h) Ainmneacha bailte, sléibhte agus aibhneacha:

  • (i) Roinnt cathracha agus bailte, e.g., an Aithin, na Cealla Beaga, na Gleannta, an tSnaidhm, an Spidéal.

  • (ii) Cnoic agus sléibhte áirithe, e.g., na hAindéis, na hAlpa, an Bhograch, an Chearc, na Comaraigh, an Earagail, na Himiléithe, an Mhucais.

  • (iii) Formhór na n-aibhneacha, e.g., an Bhóinn, an Danóib, an Life, an Phó, an Réin, an Róin, an tSéin, an tSionainn, an Tibir.

  • Rinne mé an Mhucais a shiúl inné.

  • Ar bhuaigh an Spidéal an cluiche?

  • Bhí an tSionainn le feiceáil ón eitleán.

(i) Ainmneacha tíortha agus réigiún:

  • A Gabhann an t-alt le hainmneacha tíortha agus réigiún más rud é go bhfuil an t-ainmfhocal baininscneach agus:

    • (i) má chríochnaíonn sé ar chonsan caol, e.g., an Airgintín, an Albáin, an Bhaváir, an Chatalóin, an Eastóin, an Eoraip, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Mhacadóin, an Namaib, an Phacastáin, an tSeineagáil, an Spáinn, an tSúdáin;
    • (ii) má chríochnaíonn sé ar -ia, e.g., an India, an Laitvia, an tSiria;
    • (iii) má chríochnaíonn sé ar -e, -é, e.g., an Chóiré, an Chrimé, an Ghuine, an tSile.

    Tá roinnt ainmneacha tíortha agus réigiún ann a chríochnaíonn ar chonsan caol ach nach ngabhann an t-alt leo, e.g., Bairéin, Beinin, Cuáit, Éimin, Guadalúip, Lichtinstéin, Mósaimbíc, nó atá san uimhir uatha agus a chríochnaíonn ar -í agus nach ngabhann an t-alt leo, e.g., Geansaí, Geirsí, Háítí, Haváí, Mailí, Taihítí. Ní úsáidtear an t-alt ach amháin sa ghinideach i gcás Albain, Éire (féach 3.1.4).

    • Is tír álainn í an Fhrainc.
    • Luaitear Mósaimbíc sa leabhar.
  • B Ní ghabhann an t-alt le hainmneacha tíortha agus réigiún más rud é go bhfuil an t-ainmfhocal firinscneach agus:

    • (i) má chríochnaíonn sé ar chonsan leathan, e.g., Barbadós, Eacuadór, Guam, Hondúras, Natal, Óman, Sead, Siam, Suranam;
    • (ii) má chríochnaíonn sé ar -eo, -ó, e.g., Boirneo, Maracó, Meicsiceo, Monacó, Samó (eisceacht: an Congó);
    • (iii) má chríochnaíonn sé ar -a, -á, -iú, -ua, e.g., Alasca, Ceanada, Cúba, Gána, Meiriceá, Nicearagua, Panama, Papua, Paragua, Peiriú, Sasana;
    • (iv) má chríochnaíonn sé ar -ael, e.g., Iosrael.
  • C Gabhann an t-alt le hainmneacha tíortha agus réigiún is ainmfhocail san uimhir iolra, e.g., na hAsóir, na Bahámaí, na Garbhchríocha, na Scigirí.

    • I Muir Chairib atá na Bahámaí.
    • Rinneadh an scannán a thaifeadadh sna Garbhchríocha.

(j) Paidreacha agus roisc chatha áirithe, e.g., an Choróin Mhuire, an Ghlóir, an Dord Fiann.

  • Dúradh an Ghlóir i lár an Aifrinn.
  • Ní minic a chloistear an Dord Fiann.
  • Dúirt sé an Choróin Mhuire os ard.

(k) Úsáid dháileach: Úsáidtear an t-alt chun ráta a chur in iúl nuair a bhíonn an bhrí gach ceann ar leithligh nó in aghaidh i gceist.

  • Dhíol sé na leabhair ar euro an ceann.
  • Eagraítear comóradh uair sa bhliain.
  • Bhí mála an duine ag na páistí scoile.

(l) Brí theibí nó brí choincheapúil a bheith leis an ainmfhocal:

  • Nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an chiall amuigh.
  • Ní maith í an fhearg.
  • Tugadh isteach an colscaradh in Éirinn roinnt blianta ó shin.
  • Is rud nua í an taiscéalaíocht sa spás.
  • Ní féidir taisteal san am.
  • Inseoidh an aimsir.
  • Is maith an t-anlann an t-ocras.

Tabhair faoi deara nach nós an t-alt a úsáid i nathanna áirithe, e.g., Tá ciall cheannaithe aige; ná nuair nach bhfuil brí ghinearálta leis an ainmfhocal, e.g., Bhí ocras orm; Tá siad i ngrá.

(m) Tinnis áirithe, e.g., an ailse, an déideadh, an titimeas, an bhruitíneach.

  • Bhí an bhruitíneach fairsing in Éirinn go dtí na 1960idí.
  • An bhfuil leigheas ar an titimeas?

(n) Teangacha, e.g., an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Béarla.

  • Is í an Ghaeilge teanga ár sinsear.
  • Labhraítear an Ghearmáinis san Ostair.
  • Bhí an Béarla go maith aici.

Tabhair faoi deara go ligtear an t-alt ar lár mura bhfuil an bhrí forleathan, e.g., Tá Fraincis aici; Cuir i nGaeilge é; rang Iodáilise.

Na Tuisil #

Cúig thuiseal atá sa Ghaeilge: an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach, an tuiseal tabharthach, an tuiseal ginideach agus an tuiseal gairmeach (féach 2.1.2). Sna táblaí a leanas, taispeántar na hathruithe a dhéantar ar an alt agus ar thúslitir an ainmfhocail bunaithe ar cheithre ní — inscne, tuiseal, uimhir agus túslitir an ainmfhocail. Féach freisin Caibidil 10 le haghaidh eolas breise ar na hathruithe tosaigh.

1.2 An Tuiseal Ainmneach agus an Tuiseal Cuspóireach Uatha #

1.2.1 Rialacha Infhillte san Ainmneach agus sa Chuspóireach Uatha #

Is ionann foirm an ainmfhocail sa tuiseal ainmneach agus sa tuiseal cuspóireach uatha. Féach an tábla thíos ina léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sna tuisil sin.

Tábla 1A: An Tuiseal Ainmneach agus an Tuiseal Cuspóireach Uatha #

Firinscneach

Túslitir an AinmfhocailFoirm an AiltAn Tionchar ar an TúslitirSamplaí
Consangach consan: angan aon athrúan cnoc
an diabhal
an fear
an saol
an Seapánach
an teach
Gutagach guta: ant roimhean t-íochtar
an t-uisce
an t-alt
an tAcht
an tUltach

Baininscneach

Túslitir an AinmfhocailFoirm an AiltAn Tionchar ar an TúslitirSamplaí
Consanconsan inséimhithe* (seachas d, t nó s): anséimhiúan fhuinneog
an chaibidil
d nó t: angan aon athrúan deoch
an teanga
s (seachas sc-, sf-, sm-, sp-, st-, sv-): ant roimhean tsráid
an tSeapáin
Gutagach guta: angan aon athrúan áit
an Astráil
an Iodáil
an obair

*Is iad seo na consain inséimhithe: b, c, d, f, g, m, p, s agus t.

1.3 An Tuiseal Tabharthach Uatha #

1.3.1 Réamhfhocail a Thagann Roimh an Tabharthach #

Tugtar an tuiseal tabharthach ar an tuiseal a thagann i ndiaidh na réamhfhocal a, ag, ar, as, chuig, dar, de, do, faoi, fara, go, i, ionsar, le, ó, roimh, trí agus um. Is de réir mar atá leagtha amach sna táblaí ina dhiaidh seo a phléitear le hainmfhocail ar lorg an ailt sa tuiseal tabharthach uatha.

1.3.2 Cásanna ina Leanann an tAinmneach #

Is é an tuiseal ainmneach a leanann na focail ach, amhail, gan, go dtí, idir, mar, murach, ná agus seachas agus an t-alt, e.g., gan an t-uisce; idir an t-am sin agus an t-am seo; mar an t-aistriúchán. Úsáidtear an tuiseal tabharthach sa leagan calctha mar an gcéanna.

1.3.3 Ainmneacha Briathartha #

Cuirtear gnáthrialacha an tabharthaigh i bhfeidhm ar mhúnlaí den saghas seo: réamhfhocal + ainmfhocal + a + ainm briathartha, e.g., leis an ngnó a dhéanamh; as an árasán a dhíol.

1.3.4 Cumasc an Ailt agus an Réamhfhocail #

I gcás na réamhfhocal de, do, faoi, i agus ó, déantar cumasc idir an réamhfhocal agus an t-alt san uimhir uatha, mar a léirítear thíos.

  • de + an = den
  • do + an = don
  • faoi + an = faoin
  • i + an = sa, san
  • ó + an = ón

1.3.5 Foirmeacha Neamhrialta Réamhfhocal #

Bíonn foirmeacha ar leith ar na réamhfhocail sa tábla thíos nuair a thagann siad roimh an alt san uimhir uatha.

  • fara + an = fairis an
  • le + an = leis an
  • trí + an = tríd an

1.4 An Tuiseal Tabharthach Uatha – An Córas Lárnach #

1.4.1 Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t, agus s #

Maidir le hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha dar tús consan (seachas d, t agus s), cuirtear séimhiú orthu i ndiaidh den, don, sa/san agus urú i ngach cás eile, mar a léirítear sa tábla thíos.

Tábla 1B: An Tuiseal Tabharthach Uatha – An Córas Lárnach – Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s #

Réamhfhocal le hAltFirinscneachBaininscneach
ag anag an bhfear maithag an gcuideachta bheag
ar anar an mbosca deargar an mbean shaibhir
as anas an ngleann móras an bpáirc chéanna
chuig anchuig an gCoimisinéir coinsiasachchuig an mbean ghairmiúil
denden chrann caolden bhean fhlaithiúil
dondon fhear tromdon chuideachta ghnóthach
fairis anfairis an ngarda béasachfairis an mbean chairdiúil
faoinfaoin bhfógra práinneachfaoin ngrian bhreá
sa / sansa bhosca buí
sa fhraoch bán
ACH i gcás f roimh ghuta: san fhéar fliuch
sa chomhairle shóisialta
sa fhrithréabhlóid fhíochmhar
ACH i gcás f roimh ghuta: san fharraige ghlan
leis anleis an bhfasach cruinnleis an mbáisteach throm
ónón gcaisleán fuarón gcathair mhór
roimh anroimh an gcruinniú tábhachtachroimh an mbainis bheag
thar anthar an gcnoc bánthar an bhfarraige chiúin
tríd antríd an ngairdín breátríd an bhfuinneog ghorm
um anum an mBille fadaum an ngníomhaireacht reachtúil

1.4.2 Ainmfhocail dar tús s #

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha dar tús s sa tuiseal tabharthach. Cuirtear t roimh s ar ainmfhocail bhaininscneacha (seachas i gcás ainmfhocail dar tús sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv- a fhágtar lom) mar a léirítear sa tábla thíos.

Tábla 1C: An Tuiseal Tabharthach Uatha – An Córas Lárnach – Ainmfhocail dar tús s #

Réamhfhocal le hAltFirinscneach (Gan athrú)Baininscneach (Cuirtear t roimh an s, seachas i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv-)
ag anag an Seapánach clisteag an tseanmháthair bhocht
ar anar an suíochán fliuchar an tsráid ghlan
as anas an sailéad blastaas an tsaoire bhliantúil
chuig anchuig an Seanadóir nuacheapthachuig an tsatailít mhór
denden saighdiúir sásúilden tslándáil shóisialach
dondon Seanad nuadon tsaoirse cheart
fairis anfairis an saineolaí láchfairis an tseanbhean shaibhir
faoinfaoin sonrasc déanachfaoin tslí dhíreach
sasa soitheach gormsa tseacláid mhilis
leis anleis an salann bánleis an tslat fhada
ónón suirbhé pearsantaón scoil bheag
roimh anroimh an samhradh fadaroimh an tseachtain mhór
thar anthar an seol mórthar an tSionainn fhada
tríd antríd an sorcas mórtríd an tseift chliste
um anum an sainchomhairleoir cruinnum an tseirbhís mhaith

1.4.3 Ainmfhocail dar tús Guta #

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús guta.

Tábla 1D: An Tuiseal Tabharthach Uatha – An Córas Lárnach – Ainmfhocail dar tús Guta #

Réamhfhocal le hAltFirinscneachBaininscneach
ag anag an Albanach ciallmharag an aeráid ghaofar
ar anar an eitleán dubhar an olann bhán
as anas an uisce glanas an iris cháiliúil
chuig anchuig an Aire ilteangachchuig an Ostair shléibhtiúil
denden alt fadaden uimhir chruinn
dondon údarás céannadon obair chrua
fairis anfairis an oifigeach múintefairis an ógbhean chliste

1.4.4 Ainmfhocail dar tús d agus t #

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús d agus t.

Tábla 1E: An Tuiseal Tabharthach Uatha – An Córas Lárnach – Ainmfhocail dar tús d agus t #

Réamhfhocal le hAltFirinscneachBaininscneach
faoinfaoin dréimire bristefaoin deacracht bhreise
sasa teas mórsa deoch fhuar
leis anleis an duine ciúinleis an taithí mhaith
ónón deartháir cineáltaón teanga líofa
roimh anroimh an tarbh fiáinroimh an deighilt mhór
thar anthar an teach gormthar an diallait nua
tríd antríd an talamh cruatríd an drochaimsir ghránna
um anum an dlí coiriúilum an tagairt chuí

N.B. I dteannta an Chórais Lárnaigh a thugtar sa chaibidil seo, ceadaítear na roghanna seo a leanas:

(a) urú ar an ainmfhocal (in ionad séimhiú) i ndiaidh den agus don, e.g., den gcrann, don bhfear; nó

(b) urú ar an ainmfhocal (in ionad séimhiú) i ndiaidh sa, e.g., sa bpáirc, sa gcarr.

1.5 An Tuiseal Ginideach Uatha #

1.5.1 Rialacha Infhillte sa Ghinideach Uatha #

Is gnách foirm an ghinidigh a úsáid i gcás go bhfuil an t-ainmfhocal faoi réir ag ceann de na nithe seo a leanas–

(a) ainmfhocal eile:

  • Cár fhág tú eochair an chairr?
  • Tá muintir na háite sásta le foireann na leabharlainne.

(b) ainm briathartha:

  • Is maith leis na gasúir a bheith ag réiteach an dinnéir.
  • Is í Síle atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana.

(c) réamhfhocal comhshuite, e.g., faoi chomhair, i gcás, le haghaidh:

  • Bíonn an cat ina shuí ansin os comhair na tine gach uile oíche.
  • Ba iad na hailtirí a bhí i mbun an scrúdaithe.

(d) ceann de na focail cois, dála, fearacht, timpeall, trasna:

  • Chuala mé go ndeachaigh sibh ar thuras timpeall an domhain.
  • Shiúlamar cois na habhann.

(e) an réamhfhocal chun:

  • Tá an grúpa uile ag dul chun na Spáinne i mí Iúil.
  • Rinne siad achomharc chun na cúirte.

Féach 3.3 le haghaidh cásanna ina n-úsáidtear foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh.

1.5.2 Eisceachtaí sa Ghinideach Uatha #

Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.

Tábla 1F: An Tuiseal Ginideach Uatha #

Firinscneach

Túslitir an AinmfhocailFoirm an AiltAn Tionchar ar an TúslitirSamplaí
Consanconsan inséimhithe* (seachas d, t agus s): anséimhiúbarr an chnoic
hata an fhir
d agus t: angan aon athrúchun an diabhail
doras an tí
s (seachas sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv-): ant roimhetús an tsaoil
pas an tSeapánaigh
Gutagach guta: angan aon athrúde réir an ailt
faoi réir an Achta
pas an Albanaigh

Baininscneach

Túslitir an AinmfhocailFoirm an AiltAn Tionchar ar an TúslitirSamplaí
Consangach consan: nagan aon athrúleac na fuinneoige
deireadh na caibidle
bun na sráide
muintir na Téalainne
Gutagach guta: nah roimhetimpeall na háite
foireann na hÍsiltíre

*Is iad seo na consain inséimhithe: b, c, d, f, g, m, p, s agus t.

1.6 An tIolra #

Is é na foirm iolra an ailt. Is ionann foirm an ailt don dá inscne agus sna tuisil go léir san uimhir iolra.

1.6.1 An Tuiseal Ainmneach Iolra agus an Tuiseal Cuspóireach Iolra #

Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ainmneach iolra agus sa tuiseal cuspóireach iolra.

Tábla 1G: An Tuiseal Ainmneach Iolra agus an Tuiseal Cuspóireach Iolra #

Túslitir an Ainmfhocail (Firinscneach agus Baininscneach)Foirm an AiltAn Tionchar ar an TúslitirSamplaí
Consannanagan aon athrúna capaill ghlasa
na cnoic arda
na fuinneoga móra
na Seapánaigh
na sráideanna
Gutanah roimhena hAchtanna tábhachtacha
na háiteanna
na hAlbanaigh bhródúla
na hÉireannaigh
na híomhánna

1.6.2 An Tuiseal Tabharthach Iolra #

Leanann an tuiseal tabharthach na réamhfhocail a, ag, ar, as, chuig, dar, de, do, faoi, fara, go, i, ionsar, le, ó, roimh, trí agus um. Déantar cumasc idir an réamhfhocal i agus an t-alt san uimhir iolra: i + na = sna. Tá foirm ar leith ar fara agus le roimh an alt san uimhir iolra: fara, fairis; le, leis. Léirítear sa tábla thíos an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal tabharthach iolra.

Tábla 1H: An Tuiseal Tabharthach Iolra #

Túslitir an Ainmfhocail (Firinscneach agus Baininscneach)Foirm an AiltAn Tionchar ar an TúslitirSamplaí
Consannana (sna)gan aon athrúag na fir mhóra
ar na mná cliste
as na seirbhísí poiblí
chuig na mic léinn ghlóracha
de na crainn
do na Teachtaí
faoi na daoine
fairis na gardaí
leis na fasaigh
ó na múinteoirí
roimh na cait
sna boscaí
thar na farraigí
trí na gairdíní
um na coillte
Gutana (sna)h roimheag na hiníonacha fásta
ar na hoileáin ghaofara
as na hirisí acadúla
chuig na hoifigigh dheasa
de na huimhreacha
do na hoibreacha
faoi na heachtraí
fairis na hógmhná
leis na heochracha
ó na hÉireannaigh
roimh na héin
sna heitleáin
thar na háiteanna
trí na haistriúcháin
um na hAchtanna

1.6.3 An Tuiseal Ginideach Iolra #

Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra.

Tábla 1I: An Tuiseal Ginideach Iolra #

Túslitir an Ainmfhocail (Firinscneach agus Baininscneach)Foirm an AiltAn Tionchar ar an TúslitirSamplaí
Consan inuraithe*naurútrasna na gcnoc íseal
leaca na bhfuinneog
i measc na ndaoine
Gutanaurú (n-)líon na n-áiteanna breátha
costas na n-oibreacha
líon na nAlbanach

*Is iad seo na consain inuraithe: b, c, d, f, g, p agus t.

1.7 An Tuiseal Tabharthach Uatha – Córas an tSéimhithe #

1.7.1 Réamhfhocail Shimplí roimh an Alt #

Sa tuiseal tabharthach uatha amháin, tá rogha eile ann ar a dtugtar Córas an tSéimhithe. Moltar cloí le córas amháin – an Córas Lárnach nó Córas an tSéimhithe – agus gan na córais a mheascadh.

1.7.2 Réamhfhocail den, don, sa(n) #

Is ionann na rialacha a bhaineann leis an tuiseal tabharthach iolra sa Chóras Lárnach agus i gCóras an tSéimhithe (féach 1.6.2).

1.7.3 Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t, agus s #

I gCóras an tSéimhithe, cuirtear séimhiú ar ainmfhocail dar tús consan (seachas d, t agus s) agus ar na haidiachtaí a ghabhann leo. Féach an tábla thíos.

Tábla 1J: An Tuiseal Tabharthach Uatha – Córas an tSéimhithe – Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s #

Réamhfhocal le hAltFirinscneachBaininscneach
ag anag an fhear mhaithag an chuideachta bheag
ar anar an bhosca dheargar an bhean shaibhir
as anas an ghleann mhóras an pháirc chéanna
chuig anchuig an Choimisinéir choinsiasachchuig an bhean ghairmiúil
denden chrann chaolden bhean fhlaithiúil
dondon fhear thromdon chuideachta ghnóthach
fairis anfairis an gharda bhéasachfairis an bhean chairdiúil
faoinfaoin fhógra phráinneachfaoin ghrian bhreá
sa / sansa bhosca bhuí
sa fhraoch bhán
ACH i gcás f roimh ghuta: san fhéar fhliuch
sa chomhairle shóisialta
sa fhrithréabhlóid fhíochmhar
ACH i gcás f roimh ghuta: san fharraige ghlan
leis anleis an fhasach chruinnleis an bháisteach throm
ónón chaisleán fhuarón chathair mhór
roimh anroimh an chruinniú thábhachtachroimh an bhainis bheag
thar anthar an chnoc bhánthar an fharraige chiúin
tríd antríd an ghairdín bhreátríd an fhuinneog ghorm
um anum an Bhille fhadaum an ghníomhaireacht reachtúil

1.7.4 Ainmfhocail dar tús s #

Maidir le hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha dar tús s, cuirtear t roimh an s (seachas i gcás ainmfhocail dar tús sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv- a fhágtar lom) mar a léirítear sa tábla thíos.

Tábla 1K: An Tuiseal Tabharthach Uatha – Córas an tSéimhithe – Ainmfhocail dar tús s #

Réamhfhocal le hAltFirinscneach (Cuirtear t roimh an s, seachas i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv-)Baininscneach (Cuirtear t roimh an s, seachas i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv-)
ag anag an tSeapánach chlisteag an tseanmháthair bhocht
ar anar an tsuíochán fhliuchar an tsráid ghlan
as anas an tsailéad bhlastaas an tsaoire bhliantúil
chuig anchuig an tSeanadóir nuacheapthachuig an tsatailít mhór
denden tsaighdiúir shásúilden tslándáil shóisialach
dondon tSeanadóir nuadon tsaoirse cheart
fairis anfairis an tsaineolaí láchfairis an tseanbhean shaibhir
faoinfaoin tsonrasc dhéanachfaoin tslí dhíreach
sasa tsoitheach ghormsa tseacláid mhilis
leis anleis an tsalann bhánleis an tslat fhada
ónón tsuirbhé phearsantaón scoil bheag
roimh anroimh an tsamhradh fhadaroimh an tseachtain mhór
thar anthar an tseol mhórthar an tSionainn fhada
tríd antríd an tsorcas mhórtríd an tseift chliste
um anum an tsainchomhairleoir chruinnum an tseirbhís mhaith

1.7.5 Ainmfhocail dar tús Guta #

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús guta. Féach an tábla thíos.

Tábla 1L: An Tuiseal Tabharthach Uatha – Córas an tSéimhithe – Ainmfhocail dar tús Guta #

Réamhfhocal le hAltFirinscneachBaininscneach
ag anag an Albanach chiallmharag an aeráid ghaofar
ar anar an eitleán dhubhar an olann bhán
as anas an uisce ghlanas an iris cháiliúil
chuig anchuig an Aire ilteangachchuig an Ostair shléibhtiúil
denden alt fhadaden uimhir chruinn
dondon údarás chéannadon obair chrua
fairis anfairis an oifigeach mhúintefairis an ógbhean chliste

1.7.6 Ainmfhocail dar tús d agus t #

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús d agus t. Féach an tábla thíos.

Tábla 1M: An Tuiseal Tabharthach Uatha – Córas an tSéimhithe – Ainmfhocail dar tús d agus t #

Réamhfhocal le hAltFirinscneachBaininscneach
faoinfaoin dréimire bhristefaoin deacracht bhreise
sasa teas mhórsa deoch fhuar
leis anleis an duine chiúinleis an taithí mhaith
ónón deartháir chineáltaón teanga líofa
roimh anroimh an tarbh fhiáinroimh an deighilt mhór
thar anthar an teach ghormthar an diallait nua
tríd antríd an talamh chruatríd an drochaimsir ghránna
um anum an dlí choiriúilum an tagairt chuí
✓Nasc cóipeáilte!