An tAinmfhocal
Caibidil 2: The Noun & Declensions
2.1 Ginearálta #
2.1.1 Na Díochlaontaí #
Roinntear na hainmfhocail ina gcúig dhíochlaonadh, de réir fhoirm a dtuisil ghinidigh, mar a léirítear i dtábla 2E.
2.1.2 Na Tuisil #
(a) An tAinmneach agus an Cuspóireach
Is ionann foirm don dá thuiseal seo anois, san uatha agus san iolra, agus áirítear iad araon faoin teideal Ainmneach i ndíochlaonadh na n-ainmfhocal.
(b) An Tabharthach
Is ionann foirm freisin don tabharthach agus don ainmneach, uatha agus iolra (ach féach 2.3.3), agus áirítear an tuiseal sin freisin faoin teideal Ainmneach.
(c) An Ginideach
Tugtar foirm an ghinidigh sna díochlaontaí éagsúla sna táblaí sa chaibidil seo agus sa chur síos ar na díochlaontaí ar leithligh.
(d) An Gairmeach
Sa tuiseal gairmeach, cuirtear an mhír ghairmeach a roimh an ainmfhocal agus séimhítear túschonsan an ainmfhocail ar a lorg. Is ionann foirm don ghairmeach agus don ainmneach ach amháin sa Chéad Díochlaonadh agus ní gá an gairmeach a shonrú ar leithligh taobh amuigh den díochlaonadh sin (féach 2.2.3 agus 2.2.4(c)).
2.1.3 An tIolra #
Is féidir iolraí na n-ainmfhocal a roinnt ina dhá bpríomhaicme: tréaniolraí agus lagiolraí. Déantar cur síos ar an dá aicme anseo thíos:
(a) Tréaniolraí
Tugtar tréaniolra ar iolra ainmfhocail i gcás gurb ionann foirm iolra an ainmfhocail sna tuisil go léir.
Tábla 2A: Samplaí de Thréaniolraí #
| An Díochlaonadh | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Ainmneach | Iolra: Ginideach |
|---|---|---|---|---|
| An Chéad Díochlaonadh | cás | cáis | cásanna | cásanna |
| ceol | ceoil | ceolta | ceolta | |
| An Dara Díochlaonadh | foirm | foirme | foirmeacha | foirmeacha |
| sliabh | sléibhe | sléibhte | sléibhte | |
| An Tríú Díochlaonadh | feirmeoir | feirmeora | feirmeoirí | feirmeoirí |
| foráil | forála | forálacha | forálacha | |
| An Ceathrú Díochlaonadh | amhránaí | amhránaí | amhránaithe | amhránaithe |
| gloine | gloine | gloiní | gloiní | |
| An Cúigiú Díochlaonadh | deartháir | dearthár | deartháireacha | deartháireacha |
| lasair | lasrach | lasracha | lasracha | |
| Ainmfhocail Neamhrialta | leaba | leapa | leapacha | leapacha |
| teach | tí | tithe | tithe |
(b) Lagiolraí
Tugtar lagiolra ar iolra ainmfhocail i gcás nach ionann foirm an ainmfhocail sa ghinideach iolra agus foirm an ainmfhocail sna tuisil eile san iolra. Leis an aicme sin, baineann:
(i) Ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus a gcaolaítear a gconsan deiridh san ainmneach iolra agus sa ghinideach uatha, e.g., fear, tá na fir ag teacht, hata an fhir; eitleán, feictear na heitleáin sa spéir, athraíodh roth an eitleáin. Is sa Chéad Díochlaonadh amháin atá na hainmfhocail sin. Léirítear sampla sa tábla thíos:
Tábla 2B: An Chéad Díochlaonadh – Lagiolraí #
| Uimhir | Ainmneach | Ginideach |
|---|---|---|
| Uatha | fear | fir |
| Iolra | fir | fear |
(ii) Ainmfhocail a ghabhann -a san ainmneach iolra gan coimriú ná malartú guta nó gutaí ná leathnú ar an ainmneach uatha – cailleann siad an guta deiridh -a sa ghinideach iolra. Is sa Dara Díochlaonadh is mó atá na hiolraí sin, e.g., géag crainn, do ghéaga a shíneadh, laige na ngéag. Léirítear sampla sa tábla thíos:
Tábla 2C: An Dara Díochlaonadh – Lagiolraí #
| Uimhir | Ainmneach | Ginideach |
|---|---|---|
| Uatha | fuinneog | fuinneoige |
| Iolra | fuinneoga | fuinneog |
Tabhair faoi deara go bhfuil roinnt ainmfhocal a leanann an patrún céanna sa Chéad Díochlaonadh, e.g., úll, itheadh na húlla, blas na n-úll; sa Tríú Díochlaonadh, e.g., tréad caorach, tréada is comhaltas, seoladh na dtréad; agus sa Cheathrú Díochlaonadh, e.g., gach aon neach, na neacha daonna, teacht na neach neamhshaolta.
(iii) Dornán ainmfhocal sa Dara Díochlaonadh, e.g., súil, leath na súile uirthi, radharc na súl; dornán sa Tríú Díochlaonadh, e.g., mionn, na mionnaí marbha, dar bhrí na mionn; dornán sa Cheathrú Díochlaonadh, e.g., bó, tá na ba sa gharraí, cró na mbó; dornán sa Chúigiú Díochlaonadh, e.g., caora, tá na caoirigh ann, líon na gcaorach; agus corr-ainmfhocal neamhrialta, e.g., bean, tá na mná ag teacht, hataí na mban; a bhfuil foirm leithleach orthu sa ghinideach iolra. Léirítear samplaí sa tábla thíos:
Tábla 2D: Lagiolraí Eile – Samplaí #
| An Díochlaonadh | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Ainmneach | Iolra: Ginideach |
|---|---|---|---|---|
| An Dara Díochlaonadh | ealaín | ealaíne | ealaíona | ealaíon |
| súil | súile | súile | súl | |
| An Tríú Díochlaonadh | mionn | mionna | mionnaí | mionn |
| An Ceathrú Díochlaonadh | bó | bó | ba | bó |
| grásta | grásta | grásta | grást | |
| An Cúigiú Díochlaonadh | caora | caorach | caoirigh | caorach |
| lacha | lachan | lachain | lachan | |
| Ainmfhocail Neamhrialta | bean | mná | mná | ban |
| olann | olla | olanna | olann |
2.1.4 Caolú #
Is é is caolú ann consan leathan a dhéanamh caol. Cuirtear -i- roimh an gconsan deiridh chun caolú a chur in iúl, e.g., cnoc, cnoic; aer, aeir. Is iondúil go n-athraítear gutaí áirithe nuair a chaolaítear an consan ina ndiaidh:
(a) -ea- agus -io- go -i-, e.g., ceann, cinn; fionn, finn (ach in ainmfhocail aonsiollacha áirithe -ea- go -ei-, e.g., each, eich);
(b) -éa- agus -ia- go -éi-, e.g., béal, béil; iasc, éisc;
(c) -ío- go -í-, e.g., síol, síl;
(d) in ainmfhocail ilsiollacha, -ach go -aigh, -each go -igh, -íoch go -ígh, e.g., bithiúnach, bithiúnaigh; cléireach, cléirigh; gaiscíoch, gaiscígh. Baineann sé seo freisin le dornán ainmfhocal aonsiollach, e.g., dúch, dúigh; fiach, fiaigh; fraoch, fraoigh.
2.1.5 Leathnú #
Is é is leathnú ann consan caol a dhéanamh leathan. Déantar an -i- roimh an gconsan deiridh a ligean ar lár chun ainmfhocal a leathnú, e.g., athair, athar; droim, droma. Is iondúil go n-athraítear gutaí áirithe mar a leanas nuair a leathnaítear iad:
(a) -ei- agus -i- go -ea-, e.g., greim, greama; mil, meala;
(b) -éi- go -éa-, e.g., úinéir, úinéara;
(c) -oi- agus -ui- go -o-, e.g., fuil, fola; toil, tola.
2.1.6 Coimriú #
Is é is coimriú ann guta nó gutaí atá gairid neamhaiceanta a ligean ar lár as focal nuair a dhéantar infhilleadh air, e.g., cathair, cathrach; obair, oibre; doras, doirse.
2.1.7 An Comhfhocal #
Déantar comhfhocal nuair a cheanglaítear dhá fhocal nó níos mó le chéile, e.g., bunscoil; príomhoifigeach; ríomheolaíocht. Séimhítear an dara focal i gcomhfhocal, e.g., deargbhuile; rósghairdín, ach amháin nuair a thagann d, n, t, l nó s le chéile, e.g., antráth; catsúil. Úsáidtear an fleiscín i gcomhfhocal:
(a) idir dhá ghuta, e.g., fo-aicme; mí-ádh; mí-iompar; ró-olc;
(b) idir comhchonsain, e.g., droch-chaint; gearr-rás; gnáth-thuarastal;
(c) idir dhá réimír, e.g., comh-cheolfhoireann; mór-cheoldráma; sin-seanathair;
(d) i gcásanna inar bhaol go mbeadh an comhfhocal do-aitheanta d’éagmais an fhleiscín, mar shampla idir na réimíreanna do-, fo-, so- agus focail dar tús bha-, bhla-, bhra-, dha-, gha-, ghla-, ghra-, mha-, e.g., do-ghlanta; fo-bhaile; so-mharaithe;
(e) i dteidil shainiúla agus ceannlitreacha orthu, e.g., an Ard-Chúirt; an tArd-Aighne; an Príomh-Aire; an Príomh-Bhreitheamh;
(f) i ndiaidh an- (réimír threise) agus i ndiaidh dea-, e.g., an-aimsir; dea-bhéas. Tabhair faoi deara nach séimhítear an dara focal i ndiaidh an- nuair a thagann d, t nó s ar a lorg (an-duine, an-drochaimsir).
2.1.8 Gearrléiriú ar na Díochlaontaí #
Tábla 2E: Gearrléiriú ar na Díochlaontaí #
| An Díochlaonadh | Inscne | Ainmneach Uatha | Ginideach Uatha | Ainmneach Iolra | Ginideach Iolra |
|---|---|---|---|---|---|
| An Chéad Díochlaonadh | Firinscneach | Críochnaíonn ar chonsan leathan, e.g., bád, cás, ceol, marcach. | Caolaítear an consan deiridh, e.g., báid, cáis, ceoil, marcaigh. | Bíonn ar aon fhoirm de ghnáth leis an nginideach uatha, e.g., báid, marcaigh. | Bíonn ar aon fhoirm de ghnáth leis an ainmneach uatha, e.g., bád, marcach. |
| Críochnaíonn ar -a, -anna, -ta, -tha agus is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., cásanna, ceolta. | Is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., cásanna, ceolta. | ||||
| An Dara Díochlaonadh | Baininscneach, ach im, sliabh. | Críochnaíonn ar chonsan (leathan nó caol), e.g., aisling, áit, baintreach, bróg, coill, foirm, muinín, pian, scornach, tír. | Críochnaíonn ar -e, e.g., aislinge, áite, bróige, coille, foirme, muiníne, péine, tíre; nó ar -(a)í, e.g., baintrí, scornaí. | Críochnaíonn ar -a, e.g., baintreacha, bróga, scornacha. | Cailltear an -a, e.g., baintreach, bróg, scornach. |
| Críochnaíonn ar -a, -e, -(e)acha, -(e)anna, -í, -t(h)a, -te agus is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., aislingí, áiteanna, coillte, foirmeacha, pianta, tíortha. | Is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., aislingí, áiteanna, coillte, foirmeacha, pianta, tíortha. | ||||
| An Tríú Díochlaonadh | Firinscneach agus Baininscneach | Críochnaíonn ar chonsan (leathan nó caol), e.g., bádóir, éacht, foráil, gleann, lus, táin. | Críochnaíonn ar -a, e.g., bádóra, éachta, forála, gleanna, lusa, tána. | Críochnaíonn ar -a, -acha, -(a)í, -(e)anna, -ta, -te agus is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., bádóirí, éachtaí, forálacha, gleannta, lusanna, táinte. | Is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., bádóirí, éachtaí, forálacha, gleannta, lusanna, táinte. |
| An Ceathrú Díochlaonadh | Firinscneach agus Baininscneach | Críochnaíonn ar ghuta nó ar -ín (seachas muinín agus muirín [sa bhrí clann] atá sa dara díochlaonadh), e.g., acra, cailín, oibrí, trá. | Ní athraíonn sa ghinideach. | Críochnaíonn ar -(a)í, -(e)anna, -(i)te, -(i)the, -nna agus is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., acraí, cailíní, oibrithe, tránna. | Is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., acraí, cailíní, oibrithe, tránna. |
| An Cúigiú Díochlaonadh | Baininscneach, ach roinnt bheag Firinscneach | Críochnaíonn ar -il, -in, -ir nó ar ghuta, e.g., athair, cabhail, cáin, fiche. | Críochnaíonn ar chonsan leathan, e.g., athar, cabhlach, cánach, fichead. | Críochnaíonn ar -(e)acha, -idí, -na, -ne agus is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., aithreacha, cabhlacha, cánacha, fichidí. | Is ionann an fhoirm sna tuisil go léir, e.g., aithreacha, cabhlacha, cánacha, fichidí. |
Nóta: Mar a luadh in 2.1.2, is ionann foirm don Tuiseal Ainmneach, don Tuiseal Cuspóireach agus don Tuiseal Tabharthach agus áirítear iad uile faoin teideal Ainmneach.
2.2 An Chéad Díochlaonadh #
2.2.1 An tUatha #
Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann formhór na n-ainmfhocal firinscneach a chríochnaíonn ar chonsan leathan san ainmneach uatha. Is firinscneach do na hainmfhocail go léir sa chéad díochlaonadh.
2.2.2 An Ginideach Uatha #
(a) Sa ghinideach uatha, caolaítear an consan deiridh, e.g., bord, boird; nuachtán, nuachtáin.
(b) Gabhann na hathruithe a luaitear faoi 2.1.4 leis an gcaolú ach ní athraítear -ia- go -éi- sna hainmfhocail seo: Brian, Briain; cliant, cliaint; fiar, fiair; giar, giair; rian, riain; srian, sriain; agus trian, triain.
(c) Athraítear mac go mic sa ghinideach uatha agus san ainmneach iolra.
(d) Sa ghinideach uatha, athraítear -ea- go -i-, e.g., breac, bric; cuireadh, cuiridh; leiceann, leicinn; seachas i gcás ainmfhocail aonsiollacha áirithe, e.g., each, eich.
2.2.3 An Gairmeach Uatha #
(a) Is ionann foirm de ghnáth don ghairmeach uatha agus don ghinideach uatha, e.g., a Chorcaígh, a mhic, a Sheáin.
(b) Ní gnách, áfach, infhilleadh sa ghairmeach uatha:
- (i) ar shlua-ainmneacha, e.g., a chomhthionól; a phobal;
- (ii) ar ainmfhocail a úsáidtear le brí mheafarach nó mar ainmneacha ceana, e.g., a cheann cipín; a chumann; a ghrá geal; a rós geal; a rún; a stór;
- (iii) ar ainmfhocal a bhfuil ginideach cinnte faoi réir aige, e.g., a Chléireach na Dála; a fhear an tí; a scáthán an chirt; a shólás na ndobrónach;
- (iv) ar theideal oifige ilfhoclach, e.g., a Cheann Comhairle; a Oifigeach Ealaíon; a Cheann Scoile.
2.2.4 An tIolra #
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo. Is lagiolraí iad na hainmfhocail a gcaolaítear a ndeireadh, e.g., amhrán, amhráin; nó a gcuirtear -a leo gan aon athrú eile, e.g., nod, noda; úll, úlla; san ainmneach iolra. Tréaniolraí is ea na hainmfhocail eile.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Chéad Díochlaonta le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcaolaítear an consan deiridh agus go n-athraítear -(e)ach go -(a)igh.
(a) Tréaniolraí
Tábla 2F: Tréaniolraí sa Chéad Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Gach Tuiseal |
|---|---|---|---|
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta, -tha san iolra Formhór na n-ainmfhocal aonsiollach ina bhfuil guta fada (nó défhoghar) agus a chríochnaíonn ar -l, -n (ach ní ar -ll, -nn) san ainmneach uatha. Cuirtear -tha san iolra le corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -r (ach ní ar -rr) san ainmneach uatha. | braon fál glór líon pór tuar | braoin fáil glóir lín póir tuair | braonta fálta glórtha líonta pórtha tuartha |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -aí, -í san iolra Ainmfhocail ilsiollacha áirithe a chríochnaíonn ar -ch, agus roinnt ar -dh, san ainmneach uatha, mar aon le roinnt ainmfhocail eile. | árthach cladach cúram daichead margadh | árthaigh cladaigh cúraim daichid margaidh | árthaí cladaí (gin. iol. cladach) cúraimí daichidí margaí |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -taí, -thaí san iolra | aonach dearcadh toradh | aonaigh dearcaidh toraidh | aontaí dearcthaí torthaí |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -anna san iolra | cás praghas saghas | cáis praghais saghais | cásanna praghsanna saghsanna |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -e san iolra agus a dhéantar a choimriú | bóthar doras uasal | bóthair dorais uasail | bóithre doirse uaisle |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra | cineál coinníoll tobar | cineáil coinníll tobair | cineálacha coinníollacha toibreacha |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra | claíomh muileann smaoineamh | claímh muilinn smaoinimh | claimhte muilte smaointe |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | breitheamh briathar gníomh scaitheamh | breithimh briathair gnímh scaithimh | breithiúna briathra gníomhartha scaití |
(b) Lagiolraí
Tábla 2G: Lagiolraí sa Chéad Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Lagiolraí | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Ainmneach | Iolra: Ginideach |
|---|---|---|---|---|
| Ainmfhocail a chaolaítear san ainmneach iolra | amhrán beithíoch foirgneamh iasc | amhráin beithígh foirgnimh éisc | amhráin beithígh foirgnimh éisc | amhrán beithíoch foirgneamh iasc |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san ainmneach iolra | bruach ceap giall úll | bruaigh cip géill úill | bruacha ceapa gialla úlla | bruach ceap giall úll |
(c) An Gairmeach Iolra
Is ionann foirm don ghairmeach iolra agus don ainmneach iolra ach amháin i gcás na lagiolraí. Is gnách -a a chur le foirm an ainmnigh uatha de na hainmfhocail sin chun an gairmeach iolra a dhéanamh, e.g., Corcaíoch, a Chorcaíocha; fear, a fheara; Gael, a Ghaela.
2.3 An Dara Díochlaonadh #
2.3.1 An tUatha #
Críochnaíonn ainmfhocail an díochlaonta seo ar chonsan, leathan nó caol, san ainmneach uatha. Is baininscneach dóibh uile seachas im agus sliabh.
2.3.2 An Ginideach Uatha #
(a) Cuirtear -e leis an ainmneach uatha agus más consan leathan is críoch dó caolaítear é, e.g., bróg, bróige; coill, coille; earr, eirre; ach amháin i gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach.
(b) I gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach, déantar -(a)í den -(e)ach, e.g., scornach, scornaí; cailleach, caillí.
(c) Gabhann na hathruithe a luaitear faoi 2.1.4 leis an gcaolú faoi réir na n-ainmfhocal seo a leanas:
- (i) -ea- go -ei-, e.g., beach, beiche (athraítear -ea- go -i- san ainmfhocal aonsiollach, e.g., beann, binne; cearc, circe; agus sa siolla neamhaiceanta d’ainmfhocail ilsiollacha, e.g., bruinneall, bruinnille; ficheall, fichille); agus
- (ii) -ia- go -i- san fhocal scian, scine.
2.3.3 An Tabharthach Uatha #
Tá dhá fhoirm den tabharthach uatha ann i gcás ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan leathan:
(a) foirm is ionann agus foirm an ainmnigh uatha;
(b) seanfhoirm leithleach nach n-úsáidtear ach in abairtíní seanbhunaithe, e.g., cur i gcéill; cur dá chois; airgead ar láimh; bolg le gréin; imithe le gealaigh; cur de láimh; faoi bhois an chait; bíonn a chroí ar a bhois i gcónaí aige; ar éill; etc.
2.3.4 An tIolra #
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Dara Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcríochnaíonn an ginideach uatha ar -e agus go gcaolaítear an consan deiridh más consan leathan é, agus i gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach, go n-athraítear -(e)ach go -(a)í.
(a) Tréaniolraí
Tábla 2H: Tréaniolraí sa Dara Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Gach Tuiseal |
|---|---|---|---|
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san iolra agus a ndéantar coimriú, leathnú nó malartú ar a ngutaí | dabhach roinn scian | daibhche roinne scine | dabhcha ranna sceana |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)anna san iolra | áit blaosc im | áite blaoisce ime | áiteanna blaoscanna imeanna |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -í san iolra Ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha. | abairt cáipéis earráid | abairte cáipéise earráide | abairtí cáipéisí earráidí |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra Ainmfhocail aonsiollacha, agus ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha (seachas iníon a chríochnaíonn ar chonsan leathan). | bainis iall iníon maidin | bainise éille iníne maidine | bainiseacha iallacha iníonacha maidineacha |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta san iolra Roinnt ainmfhocail aonsiollacha a chríochnaíonn ar -l nó -n leathan san ainmneach uatha. | buíon grian steall | buíne gréine steille | buíonta grianta steallta |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -l nó -n caol san ainmneach uatha. | aill bléin linn | aille bléine linne | aillte bléinte linnte |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -e san iolra agus a dhéantar a choimriú | caingean coinneal foireann maighean | caingne coinnle foirne maighne | caingne coinnle foirne maighne |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | culaith gualainn sliabh uair | culaithe gualainne sléibhe uaire | cultacha guaillí sléibhte uaireanta |
(b) Lagiolraí
Tábla 2I: Lagiolraí sa Dara Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Lagiolraí | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Ainmneach | Iolra: Ginideach |
|---|---|---|---|---|
| Ainmfhocail aonsiollacha agus ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan san ainmneach uatha agus a gcuirtear -a leo san ainmneach iolra gan aon athrú eile | amharclann beach dallóg gealach girseach maighdean | amharclainne beiche dallóige gealaí girsí maighdine | amharclanna beacha dallóga gealacha girseacha maighdeana | amharclann beach dallóg gealach girseach maighdean |
| Ainmfhocail a leathnaítear agus a chríochnaíonn ar -a san ainmneach iolra | cill deoir ealaín rinn | cille deoire ealaíne rinne | cealla deora ealaíona reanna | ceall deor ealaíon reann |
| Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha agus a chríochnaíonn ar -e san ainmneach iolra | ainimh dúil glúin súil | ainimhe dúile glúine súile | ainimhe dúile glúine súile | aineamh dúl glún súl |
2.4 An Tríú Díochlaonadh #
2.4.1 An tUatha #
(a) Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -áil, -aíl, -cht, -éir, -eoir, -irt, -óir, -úil, -úint, -úir (seachas i gcás ainmneacha tíortha atá sa Dara Díochlaonadh, e.g., an Ailgéir, an Bhrasaíl, an Iodáil).
(b) Is leis an díochlaonadh seo freisin a bhaineann roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan, leathan nó caol, san ainmneach uatha. I gcás na n-ainmfhocal sin, críochnaíonn an ginideach uatha ar -a agus leathnaítear an consan deiridh más gá, e.g., buachaill, buachalla; gleann, gleanna (féach 2.1.5).
2.4.2 An Ginideach Uatha #
(a) Mar a luadh in (b) thuas, críochnaíonn an ginideach uatha ar -a.
(b) Is iondúil go n-athraítear -io- go -ea- sa ghinideach uatha i gcás ainmfhocail aonsiollacha, e.g., crios, creasa; lios, leasa; ach cion (sa bhrí coir), ciona.
(c) Ligtear an -t ar lár sa ghinideach uatha as ainmfhocail a chríochnaíonn ar -int, e.g., oiliúint, oiliúna (ach amháin sna heisceachtaí cogaint, coganta; cosaint, cosanta; seachaint, seachanta). Déantar -th- den -t i gcás ainmfhocail a chríochnaíonn ar -irt, e.g., imirt, imeartha.
2.4.3 An tIolra #
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Tríú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcríochnaíonn an ginideach uatha ar -a agus go leathnaítear an consan deiridh más consan caol é.
(a) Tréaniolraí
Tábla 2J: Tréaniolraí sa Tríú Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Gach Tuiseal |
|---|---|---|---|
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í san iolra Ainmfhocail ilsiollacha (firinscneach seachas corrcheann, e.g., altóir, seanmóir) a chríochnaíonn ar -éir, -eoir, -óir, -úir, agus ainmfhocail ilsiollacha (baininscneach seachas corrcheann, e.g., bunreacht, comhlacht, complacht, gnólacht) a chríochnaíonn ar -cht, -irt, -úint san ainmneach uatha. | athnuachan bagairt báicéir beannacht dlíodóir dochtúir eisiúint múinteoir | athnuachana bagartha báicéara beannachta dlíodóra dochtúra eisiúna múinteora | athnuachaintí bagairtí báicéirí beannachtaí dlíodóirí dochtúirí eisiúintí múinteoirí |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)anna san iolra Ainmfhocail fhirinscneacha ilsiollacha (seachas roinnt ainmfhocal atá baininscneach, e.g., cuid, dleacht, troid, uaim). | droim rang troid | droma ranga troda | dromanna ranganna troideanna |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san iolra agus a ndéantar coimriú, leathnú nó malartú ar a ngutaí | feadhain gamhain slios | feadhna gamhna sleasa | feadhna gamhna sleasa |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -acha san iolra Ainmfhocail ilsiollacha bhaininscneacha a chríochnaíonn ar -l, -n nó -r caol (eisceachtaí: anam, anama, anamacha; úim, úma, úmacha) san ainmneach uatha. Tabhair faoi deara gur mar sin a chumtar ginideach uatha ainmfhocal a chríochnaíonn ar -aíl freisin, e.g., feadaíl, feadaíola; sceamhaíl, sceamhaíola. | admháil barúil fíniúin onóir | admhála barúla fíniúna onóra | admhálacha barúlacha fíniúnacha onóracha |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta san iolra Ainmfhocail aonsiollacha a chríochnaíonn ar -l nó -n leathan (firinscneach) nó caol (baininscneach) san ainmneach uatha. | cion (sa bhrí coir) feoil gleann | ciona feola gleanna | cionta feolta gleannta |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra | cluain móin táin | cluana móna tána | cluainte móinte táinte |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | anacair buachaill conradh maitheas roth | anacra buachalla conartha maitheasa rotha | anacraí buachaillí conarthaí maitheasaí rothaí |
(b) Lagiolraí
Tábla 2K: Lagiolraí sa Tríú Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Lagiolraí | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Ainmneach | Iolra: Ginideach |
|---|---|---|---|---|
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | béas dreas mionn tréad treas | béasa dreasa mionna tréada treasa | béasa dreasa mionnaí tréada treasa | béas dreas mionn tréad treas |
2.5 An Ceathrú Díochlaonadh #
2.5.1 An tUatha #
(a) Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann ainmfhocail fhirinscneacha a chríochnaíonn ar -ín, díspeagthaí a chríochnaíonn ar -ín, formhór na n-ainmfhocal a chríochnaíonn ar ghuta, agus líon beag ainmfhocail eile.
(b) Is firinscneach freisin d’ainmneacha ceirde a chríochnaíonn ar -(a)í nó -aire, e.g., ceannaí, cócaire.
(c) Is baininscneach d’ainmfhocail theibí a chríochnaíonn ar -e agus a chumtar ó aidiachtaí, e.g., airde, gile, saoirse.
2.5.2 An Ginideach Uatha #
(a) Ní théann aon athrú foirme ar ainmfhocail an díochlaonta seo sa ghinideach uatha.
(b) Is baininscneach de ghnáth don díspeagadh -ín, más focal baininscneach coitianta an bunfhocal. Tá eisceachtaí ann, e.g., paidir (bain.), paidrín (fir.); toit (bain.), toitín (fir.). Is mar ainmfhocal firinscneach, áfach, a dhíochlaontar gach díspeagadh sa ghinideach agus sa ghairmeach uatha, e.g., an bheainín bheag, teach an bheainín bhig, a bheainín bhig.
(c) Tá roinnt ainmfhocal sa Díochlaonadh seo nach bhfuil aon uimhir iolra acu, e.g., cruach (sa bhrí miotal), dóthain, gorta, lucht (sa bhrí daoine), oiread, tobac.
2.5.3 An tIolra #
Tréaniolraí atá ag formhór mór na n-ainmfhocal sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Cheathrú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an uatha sa tábla ina dhiaidh seo, is é sin, gurb ionann foirm an ghinidigh uatha agus foirm an ainmnigh uatha.
(a) Tréaniolraí
Tábla 2L: Tréaniolraí sa Cheathrú Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha: Gach Tuiseal | Iolra: Gach Tuiseal |
|---|---|---|
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í san iolra Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a, -e, -ín san uatha. | altra báidín fáinne | altraí báidíní fáinní |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -le, -ne san uatha. | baile sloinne tine | bailte sloinnte tinte |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(i)the san iolra Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í, -aoi, -é san uatha (ní ghiorraítear -í- sna hainmfhocail aonsiollacha, seachas ní, nithe). | ainmhí draoi giúiré rí | ainmhithe draoithe giúiréithe ríthe |
| Ainmfhocail a gcuirtear -nna leo san iolra gan aon athrú eile Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -á, -ao, -eá, -eo, -ia, -ó, -ogha, -ú, -ua san uatha. | bogha ceo cnó cú grua íomhá lao meá nia | boghanna ceonna cnónna cúnna gruanna íomhánna laonna meánna nianna |
| Roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan san uatha agus a gcuirtear -(e)anna leo san iolra gan aon athrú eile | bus seic téacs | busanna seiceanna téacsanna |
| Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -ite san iolra | comhrá cró crú rá slua | comhráite cróite crúite ráite sluaite |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | achainí airí aithne aturnae bó cine claí duine gabha gnó oíche slí teanga | achainíocha airíonna aitheanta aturnaetha ba (gin. iol. bó) ciníocha claíocha daoine gaibhne gnóthaí oícheanta slite teangacha |
Nóta: Tabhair faoi deara go mbaineann na hainmfhocail seo a leanas, nach dual dóibh foirm iolra a bheith orthu, leis an díochlaonadh seo freisin: cruach (sa bhrí miotal), dóthain, gorta, iomad, lucht (sa bhrí daoine), oiread, tobac; mar aon le hainmneacha pearsanta áirithe, e.g., Cáit, Liam, Pilib, Siobhán, Uileag.
2.6 An Cúigiú Díochlaonadh #
2.6.1 An tUatha #
(a) Is baininscneach d’fhormhór na n-ainmfhocal sa díochlaonadh seo.
(b) Is leis an díochlaonadh seo freisin a bhaineann roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta san ainmneach uatha agus ar chonsan leathan (-ch, -d, -(n)n, -r) sa ghinideach uatha.
2.6.2 An tIolra #
Tréaniolraí atá ag formhór mór na n-ainmfhocal atá sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Chúigiú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sa tábla ina dhiaidh seo, is é sin, críochnaíonn an ginideach uatha ar na consain leathana -ch, -d, -(n)n, -r (seachas correisceacht, e.g., Nollaig, Nollag).
(a) Tréaniolraí
Tábla 2M: Tréaniolraí sa Chúigiú Díochlaonadh – Samplaí #
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Gach Tuiseal |
|---|---|---|---|
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra Ainmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn ar -il, -in, -ir san ainmneach uatha (eisceacht: siúr, siúrach). Sa ghinideach uatha, leathnaítear consan deiridh ainmfhocal aonsiollach, agus ainmfhocal eile nach ndéantar coimriú orthu, agus cuirtear -ach leo (eisceacht: cathaoir, cathaoireach). Coimrítear ainmfhocail ilsiollacha más guta gearr atá sa siolla deiridh acu agus cuirtear -(e)ach leo. | cathair draein litir riail traein treoir triail uimhir | cathrach draenach litreach rialach traenach treorach trialach uimhreach | cathracha draenacha litreacha rialacha traenacha treoracha trialacha uimhreacha |
| Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -inn, -ir san ainmneach uatha, a leathnaítear sa ghinideach uatha agus a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra. (Eisceacht: bráthair, bráthar, bráithre.) | abhainn máthair teorainn | abhann máthar teorann | aibhneacha máithreacha teorainneacha |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -na, -ne san iolra Ainmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn ar ghuta san ainmneach uatha agus ar -n sa ghinideach uatha (eisceachtaí: díle, díleann, dílí; lacha, lachan, lachain (gin. iol. lachan)). | ceathrú comharsa ionga leite monarcha pearsa | ceathrún comharsan iongan leitean monarchan pearsan | ceathrúna comharsana (gin. iol. comharsan) ingne – monarchana pearsana (gin. iol. pearsan) |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -idí san iolra Corr-ainmfhocal firinscneach a chríochnaíonn ar -d sa ghinideach uatha. Tabhair faoi deara go mbaineann daichead (daichid, daichidí) leis an gcéad díochlaonadh. | fiche (tabh. uatha fichid) tríocha ceathracha caoga seasca seachtó ochtó nócha | fichead tríochad ceathrachad caogad seascad seachtód ochtód nóchad | fichidí tríochaidí ceathrachaidí caogaidí seascaidí seachtóidí ochtóidí nóchaidí |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | bráid cara caora Éire (tabh. uatha Éirinn) namhaid Nollaig | brád carad caorach Éireann namhad Nollag | bráide cairde caoirigh (gin. iol. caorach) – naimhde Nollaigí |
2.7 Ainmfhocail Neamhrialta #
Ní fhreagraíonn infhilleadh na n-ainmfhocal seo a leanas d’aon cheann de na díochlaontaí:
Tábla 2N: Ainmfhocail Neamhrialta – Samplaí #
| Ainmfhocal | Uatha: Ainmneach | Uatha: Ginideach | Iolra: Gach Tuiseal |
|---|---|---|---|
| bean | bean | mná | mná (gin. iol. ban) |
| deirfiúr | deirfiúr | deirféar | deirfiúracha |
| deoch | deoch | dí | deochanna |
| dia | dia | dé | déithe |
| lá | lá | lae | laethanta |
| leaba | leaba | leapa | leapacha |
| mí | mí | míosa | míonna |
| olann | olann | olla | olanna (gin. iol. olann) |
| talamh | talamh (fir.) | talaimh (fir.) / talún (bain.) | tailte |
| teach | teach | tí | tithe |
Nóta: Tabhair faoi deara go n-úsáidtear seanfhoirm leithleach den fhocal lá sa fhrása seanbhunaithe ar athló, e.g., Tá an Dáil ar athló.