An Aidiacht

Caibidil 4: The Adjective

4.1 An Aidiacht Cháilíochta #

4.1.1 Trí Dhíochlaonadh #

Roinntear na haidiachtaí ina dtrí dhíochlaonadh.

4.1.2 Díochlaonadh mar Aidiacht Cháilíochta #

Ní dhíochlaontar an aidiacht ach amháin nuair a úsáidtear mar aidiacht cháilíochta í.

4.1.3 Critéir Fhoirm na hAidiachta #

Braitheann foirm aidiachta cáilíochta ar inscne, tuiseal agus uimhir an ainmfhocail atá á cháiliú léi agus ar dhíochlaonadh na haidiachta féin. Féach Caibidil 9 le haghaidh rialacha maidir le haidiachtaí a úsáid le huimhreacha.

4.2 Inscne, Tuiseal agus Uimhir na hAidiachta Cáilíochta #

4.2.1 Comhaontú leis an Ainmfhocal #

Réitíonn an aidiacht cháilíochta leis an ainmfhocal ó thaobh inscne, tuisil agus uimhreach. I gcás sraith ainmfhocal, réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal deiridh, e.g., mná agus fir ghnaíúla; peann, páipéar agus bileog ghorm. I gcás sraith aidiachtaí i ndiaidh ainmfhocal amháin, réitíonn gach aidiacht leis an ainmfhocal, e.g., ailt shuimiúla thábhachtacha fhada.

  • Tháinig na mná agus na fir ghnaíúla isteach.
  • Tháinig na fir agus na mná gnaíúla isteach.
  • Bhí sciorta, cóta agus scaif ghorm uirthi.
  • Tá cait mhóra fhiáine i ngairdín na n-ainmhithe.

4.2.2 Séimhiú san Uimhir Uatha de réir Inscne #

(a) San uimhir uatha–

  • (i) i gcás ainmfhocal firinscneach, ní shéimhítear an aidiacht atá á cháiliú, e.g., an fear beag; ag an bhfear beag; ach amháin sa tuiseal gairmeach agus sa tuiseal ginideach e.g., a fhir bhig; hata an fhir bhig;
  • (ii) má tá Córas an tSéimhithe (féach 1.7) in úsáid, séimhítear an aidiacht a cháilíonn ainmfhocal firinscneach sa tuiseal tabharthach má ghabhann an t-alt leis an ainmfhocal sin, e.g., ag an fhear bheag.

(b) San uimhir uatha, i gcás ainmfhocal baininscneach, séimhítear an aidiacht atá á cháiliú sna tuisil go léir, e.g., an bhean bheag; a bhean bheag; ag an mbean bheag; ach amháin sa tuiseal ginideach, e.g., hata na mná bige.

4.2.3 Aidiacht le hUimhreacha #

Tugtar léiriú i gCaibidil 9 ar an aidiacht cháilíochta nuair atá uimhir roimh an ainmfhocal atá á cháiliú.

4.2.4 Séimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Uatha #

Fágtar aidiacht lom nó cuirtear séimhiú uirthi bunaithe ar inscne agus tuiseal an ainmfhocail atá á cháiliú léi. Léirítear na cásanna sa tábla thíos. Féach an plé ar dhíochlaonadh na haidiachta (4.3) chun eolas a fháil ar athrú foirme (seachas séimhiú) ar an aidiacht féin.

Tábla 4A: Séimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Uatha #

An TuisealAinmfhocal Firinscneach UathaAinmfhocal Baininscneach Uatha
Ainmneach & Cuspóireachgan séimhiú — an fear beagséimhiú — an bhean bheag
Gairmeachséimhiú — a fhir bhigséimhiú — a bhean bheag
Tabharthach*gan séimhiú — ar an bhfear beagséimhiú — ar an mbean bheag
Ginideachséimhiú — clann an fhir bhiggan séimhiú — clann na mná bige

*Ach féach 1.7 Córas an tSéimhithe.

4.2.5 Séimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Iolra #

San uimhir iolra, séimhítear túschonsan aidiachta má chríochnaíonn an t-ainmfhocal iolra ar chonsan caol, mar atá sa tábla thíos (féach freisin 10.3.1).

Tábla 4B: Séimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Iolra #

Séimhiú (Ainmfhocal dar críoch consan caol san iolra)Gan Séimhiú (Ainmfhocal dar críoch consan leathan nó guta san iolra)
na báid fhadana cailíní cliste
na costais shonrachana doirse móra
na foirgnimh bhreáthana páirceanna móra
na fir bheagana táilliúirí costasacha
na goirt mhóraclanna na mban cáiliúil
na héisc ghealaclanna na bhfear beag
na húdair cháiliúlaéifeacht na bhforálacha forlíontacha
na nóiméid dheireanachaméid na bhfuinneog cearnach
na pinn ghormaobair na ngaibhne dubha
na sparáin theannaseirbhísí na leabharlann poiblí

4.3 Díochlaonadh na hAidiachta #

4.3.1 Comhionannas Foirmeacha sna Tuisil Dhíreacha #

Is ionann foirm don aidiacht sa tuiseal ainmneach, sa tuiseal cuspóireach agus sa tuiseal tabharthach uatha, agus is ionann foirm don aidiacht sa tuiseal ainmneach, sa tuiseal cuspóireach agus sa tuiseal tabharthach iolra.

4.3.2 An Tuiseal Ginideach Iolra – Tréaniolra vs Lagiolra #

Sa tuiseal ginideach iolra–

  • (a) más tréaniolra atá ag an ainmfhocal, úsáidtear an fhoirm chéanna den aidiacht a úsáidtear sa tuiseal ainmneach iolra:
    • Ainmneach iolra: Is maith liom na filí móra.
    • Ginideach iolra: Is maith liom dánta na bhfilí móra.
  • (b) más lagiolra atá ag an ainmfhocal, úsáidtear an fhoirm chéanna den aidiacht a úsáidtear sa tuiseal ainmneach uatha:
    • Ainmneach uatha: Foilsíonn an t-údarás áitiúil tuarascáil gach bliain.
    • Ginideach iolra: Foilsíodh tuarascálacha na n-údarás áitiúil.

4.3.3 Ainmneacha Ceana sa Ghairmeach #

(a) Ní shéimhítear ná ní infhilltear aidiacht sa ghairmeach firinscneach más ainm ceana nó brí mheafarach atá i gceist.

  • Cén chaoi a bhfuil tú, a athair beag?
  • A dheartháir dílis, bhí a fhios agam go maith gur tú a bhí ann.
  • A bhéal cumhra, nach muid a bheidh sásta le chéile.
  • Conas atá tú, a mhac bán?

(b) Séimhítear túslitir na haidiachta, áfach, más ainmfhocal baininscneach atá roimpi.

  • Cad é mar atá tú inniu, a thaisce mhilis?
  • A mháthair bheag, ní bheidh deireadh go deo le do chuid oibre.

4.3.4 Ainmneacha Baiste Ban #

Ní infhilltear an aidiacht i ndiaidh ainmneacha baiste ban, e.g., Máire Mhór, teach Mháire Mhór.

4.3.5 Aidiacht ar Lorg Dobhriathra Treise #

Ní infhilltear an aidiacht ná ní dhéantar athrú tosaigh uirthi ar lorg dobhriathra nó aidiachtaí a úsáidtear mar dhobhriathra amhail cuibheasach, sách, measartha, réasúnta, etc.

  • Is bean measartha saibhir í.
  • Mná measartha saibhir is ea iad.
  • Fir sách ard is ea iad.
  • Páistí réasúnta ciúin is ea iad.
  • Maidin sách fuar a bhí ann.
  • Bliain cuibheasach tirim atá uainn.

4.3.6 Aidiacht ar Lorg na Míre Treise an- #

Ní infhilltear an aidiacht ar lorg na míre treise an-.

  • Is daoine an-bhreá iad.
  • Déanfar na gnéithe an-tábhachtach sin a mheas.
  • Ní páistí an-chiúin iad.

4.3.7 Frásaí Aidiachtacha Ilfhoclacha #

Ní infhilltear an aidiacht ná ní chuirtear séimhiú uirthi más cuid de fhrása aidiachtach ilfhoclach í, e.g., athnuachan saor in aisce; tuarascáil cothrom le dáta.

  • Is bean mór le rá í i réimse na heolaíochta.
  • Ba é údar na tuarascála cothrom le dáta a thug an cur i láthair.

4.3.8 Cur Síos ar an nGinideach Uatha #

Is faoi gach díochlaonadh ar leithligh a thugtar cur síos ar fhoirm an ghinidigh uatha.

4.4 An Chéad Díochlaonadh #

4.4.1 Foirm an Ghinidigh Uatha #

Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan, leathan nó caol, seachas aidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil agus roinnt aidiachtaí a chríochnaíonn ar -ir (féach 4.5).

(a) Firinscneach

  • (i) Más consan leathan is críoch don aidiacht, caolaítear an consan mar a dhéantar le hainmfhocail sa Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2):
    • Cár fhág sé hata an fhir mhóir?
    • Caithfear coinníollacha an chonartha bhuain a léamh go cúramach.
    • Léigh sé leabhar an imreora chlúitigh nuair a foilsíodh é.
  • (ii) Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar -ch(t) (ach amháin bocht), e.g., beacht, caoch, déach, fliuch, lách, moch, nocht:
    • Bhí orthu an fhéile a chur ar siúl ag deireadh an tsamhraidh fhliuch.
    • Tá na páistí i rang an mhúinteora bheacht i mbliana.
    • Goideadh ba an fheirmeora bhoicht.
  • (iii) Más consan caol nó -íoch is críoch don aidiacht, ní dhéantar infhilleadh uirthi:
    • Ba mhaith liom labhairt le tuismitheoirí an bhuachalla chiúin.
    • Bhí gach duine i bhfabhar an fheachtais thionsclaíoch.
  • (iv) Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan dúbailte (ach amháin dall, donn, fionn), e.g., cearr, corr, gann, gearr, mall, teann, toll:
    • Tá praghas an bhia ghann ag ardú gach lá.
    • Chuir costas an turais ghearr iontas orthu.
    • Bhí boladh an aráin dhoinn ar fud an tí.
  • (v) Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar na haidiachtaí aonsiollacha seo a leanas: amh, cúng, deas (sa bhrí cineálta), leamh, mear, seang, searbh, tearc, tiubh, trom, tur:
    • Chuir sí ola ar dhoras an bhealaigh chúng.
    • Labhair mé le húinéir an chapaill mhear.

(b) Baininscneach

  • (i) Cuirtear -e leis an gconsan deiridh, agus caolaítear é más leathan dó, e.g., gorm, goirme; maith, maithe mar a dhéantar le hainmfhocail sa Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2):
    • Féach ar áilleacht na spéire goirme.
    • Cé hé údar na tuarascála maithe?
  • (ii) I gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -(e)ach, cuirtear -(a)í in ionad -(e)ach, e.g., aisteach, aistí; iontach, iontaí; mar a dhéantar le hainmfhocail sa Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2):
    • Tá guth na caillí aistí le cloisteáil ar an taifead.
    • Thaitin téama na haiste iontaí liom.
  • (iii) I gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -íoch, athraítear -íoch go -íche, e.g., eacnamaíoch, eacnamaíche:
    • Cathain a bhraithfimid deireadh na géarchéime eacnamaíche?
    • Is maith an rud é fás na hearnála tionsclaíche.
  • (iv) Féach Caibidil 2 don chur síos cuimsitheach ar athrú gutaí.

4.4.2 Foirm an Ghairmigh Uatha #

Is ionann foirm don ghairmeach uatha agus don ainmneach uatha, ach amháin i gcás aidiachtaí a gcaolaítear a gconsan deiridh sa ghinideach uatha firinscneach. I gcás na n-aidiachtaí sin, is gnách gurb ionann foirm an ghairmigh uatha fhirinscnigh agus foirm an ghinidigh uatha fhirinscnigh, e.g., a fhir mhóir; cóta an fhir mhóir.

4.4.3 Foirm an Iolra – Gach Tuiseal #

Cuirtear -a leis na haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus -e leis na haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan caol agus coimrítear aidiachtaí áirithe (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).

  • Cá bhfuil na peileadóirí clúiteacha?
  • Foilseofar na haistí maithe san iris bhliantúil.
  • Bhí na daoine uaisle i láthair inné.

4.4.4 Coimriú san Uatha agus san Iolra #

Déantar coimriú sa tuiseal ginideach uatha baininscneach agus san uimhir iolra i ngach tuiseal ar na haidiachtaí sa tábla seo a leanas, i measc eile, ach ní choimrítear na foirmeacha idir lúibíní.

Tábla 4C: Coimriú san Uatha agus san Iolra #

Ainmneach UathaGinideach Uatha BaininscneachIolra
álainnáilleáille
aoibhinnaoibhneaoibhne
bodhar(bodhaire)bodhra
daibhirdaibhredaibhre
daingeandaingnedaingne
deimhindeimhnedeimhne
dílisdílsedílse
doilbhirdoilbhredoilbhre
domhaindoimhnedoimhne
folamhfoilmhefolmha
ísealísleísle
láidirláidreláidre
milismilsemilse
ramharraimhreramhra
righinrighnerighne
saibhirsaibhresaibhre
sleamhain(sleamhaine)sleamhna
soilbhirsoilbhresoilbhre
uasaluaisleuaisle

4.5 An Dara Díochlaonadh #

4.5.1 Foirm an Ghinidigh Uatha #

Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil, mar aon le roinnt aidiachtaí a chríochnaíonn ar -ir, e.g., cóir, deacair, socair.

(a) Firinscneach Ní théann aon infhilleadh ar aidiachtaí an díochlaonta seo.

  • Cá bhfuil athair an fhir chóir?
  • Léigh mé tús an leabhair shuimiúil.

(b) Baininscneach Leathnaítear an consan deiridh agus cuirtear -a leis.

  • Cá bhfuil athair na mná cáiliúla?
  • Léigh mé tús na haiste deacra.

4.5.2 Foirm an Iolra – Gach Tuiseal #

(a) Leathnaítear an consan deiridh agus cuirtear -a leis mar a dhéantar sa ghinideach uatha baininscneach (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).

  • Cá bhfuil na fir cháiliúla agus na mná dathúla?
  • Léigh mé na dánta suimiúla inné.

(b) Coimrítear deacair, deacra; socair, socra sa ghinideach uatha agus san uimhir iolra.

4.6 An Tríú Díochlaonadh #

4.6.1 Aidiachtaí dar Críoch Guta #

Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar ghuta, e.g., cliste, cróga.

4.6.2 Eisceachtaí: breá agus te #

Ní dhéantar infhilleadh ach ar dhá aidiacht sa díochlaonadh seo: breá agus te. Athraíonn breá go breátha sa ghinideach uatha baininscneach agus san uimhir iolra agus athraíonn te go teo san uimhir iolra (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).

  • Ainmneach uatha: Tine bhreá the a bhí ann.
  • Ginideach uatha: Dath na tine breátha te.
  • Ainmneach iolra: Lasadh na tinte breátha teo.

4.7 Achoimre ar Dhíochlaontaí na nAidiachtaí #

4.7.1 Firinscneach Uatha #

Tábla 4D: Achoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta – Firinscneach Uatha #

TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Tríú Díochlaonadh
Ainmneachan fear beag
an peileadóir clúiteach
an buachaill ciúin
an fear misniúil
an duine cóir
an t-óstóir flaithiúil
an cóta buí
an garda cróga
an duine cuí
Gairmeacha fhir bhig
a pheileadóir chlúitigh
a bhuachaill chiúin
a fhir mhisniúil
a dhuine chóir
a óstóir fhlaithiúil
a chóta bhuí
a gharda chróga
a dhuine chuí
a fhir chliste
Tabharthach*ag an bhfear beag
don pheileadóir clúiteach
leis an mbuachaill ciúin
don fhear misniúil
chuig an duine cóir
ón óstóir flaithiúil
ar an gcóta buí
ag an ngarda cróga
leis an duine cuí
Ginideachcaipín an fhir bhig
ainm an pheileadóra chlúitigh
rang an bhuachalla chiúin
eachtra an fhir mhisniúil
clann an duine chóir
comhairle an óstóra fhlaithiúil
úinéir an chóta bhuí
thar ceann an duine chuí
guth an gharda chróga

*Ach féach 1.7 Córas an tSéimhithe.

4.7.2 Baininscneach Uatha #

Tábla 4E: Achoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta – Baininscneach Uatha #

TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Tríú Díochlaonadh
Ainmneachan bhean bheag
an bhó álainn
an mháthair imníoch
an bhean ghairmiúil
an tuairisc mhíosúil
an aiste dheacair
an éide ghalánta
an aiste ghonta
an mhí fhada
Gairmeacha bhean bheag
a aintín álainn
a mháthair imníoch
a bhean ghairmiúil
a aintín fhlaithiúil
a mháthair chóir
a bhean chróga
a aintín ghalánta
a mháthair chróga
Tabharthachdon bhean bheag
ag an aintín álainn
leis an máthair imníoch
don bhean ghairmiúil
sa tuairisc mhíosúil
san aiste dheacair
ar an éide ghalánta
san aiste ghonta
den mhí fhada
Ginideachteach na mná bige
peata na máthar imníche
ceol na haintín áille
maoin na mná gairmiúla
fad na tuairisce míosúla
teideal na haiste deacra
luach na héide galánta
údar na haiste gonta
deireadh na míosa fada

4.7.3 Firinscneach Iolra #

Tábla 4F: Achoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta – Firinscneach Iolra #

TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Tríú Díochlaonadh
Ainmneachna fir bheaga
na peileadóirí clúiteacha
na buachaillí ciúine
na leabhair shuimiúla
na daoine córa
na páistí flaithiúla
na cótaí buí
na daoine cuí
na gardaí cróga
Gairmeacha fheara beaga
a pheileadóirí clúiteacha
a bhuachaillí ciúine
a fheara misniúla
a dhaoine córa
a pháistí flaithiúla
a dhaoine cuí
a fheara cliste
a ghardaí cróga
Tabharthachar na fir bheaga
ag na peileadóirí clúiteacha
leis na buachaillí ciúine
do na fir mhisniúla
leis na daoine córa
ó na páistí flaithiúla
ar na cótaí buí
leis na daoine cuí
do na gardaí cróga
Ginideachcaipíní na bhfear beag
bróga na bpeileadóirí clúiteacha
rang na mbuachaillí ciúine
bás na bhfear misniúil
clann na ndaoine córa
airgead na bpáistí flaithiúla
úinéirí na gcótaí buí
ar son na ndaoine cuí
hataí na ngardaí cróga

4.7.4 Baininscneach Iolra #

Tábla 4G: Achoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta – Baininscneach Iolra #

TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Tríú Díochlaonadh
Ainmneachna mná beaga
na haintíní áille
na máithreacha imníocha
na mná gairmiúla
na haintíní córa
na hiníonacha flaithiúla
na héidí galánta
na haistí gonta
na míonna fada
Gairmeacha mhná beaga
a aintíní áille
a mháithreacha imníocha
a mhná gairmiúla
a aintíní córa
a iníonacha flaithiúla
a mhná galánta
a iníonacha cróga
a aintíní cliste
Tabharthachdo na mná beaga
ag na haintíní áille
leis na máithreacha imníocha
do na mná gairmiúla
leis na haintíní córa
ó na hiníonacha flaithiúla
leis na héidí galánta
sna haistí gonta
de na míonna fada
Ginideachteach na mban beag
ceol na n-aintíní áille
deifir na máithreacha imníocha
pá na mban gairmiúil
clann na n-aintíní córa
airgead na n-iníonacha flaithiúla
luach na n-éidí galánta
údair na n-aistí gonta
tús na míonna fada

4.8 Céimeanna Comparáide na hAidiachta #

4.8.1 Foirm na Breischéime agus na Sárchéime #

(a) Is gnách gurb ionann foirm do bhreischéim agus do shárchéim aidiachta agus don ghinideach uatha baininscneach, e.g., ard, airde; breá, breátha; cóir, córa; dathúil, dathúla; deacair, deacra; díreach, dírí.

  • Faigh an luach is airde air.
  • Is í Ciara an cailín is dathúla sa rang.
  • An rud is deacra faoin bhfilíocht, a léamh mar is cóir.

(b) Is ionann freisin foirm do bhreischéim agus do shárchéim aidiachta agus don ghinideach uatha baininscneach i gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -íoch, e.g., buíoch, buíche; débhríoch, débhríche; imníoch, imníche; impíoch, impíche; taithíoch, taithíche; uathoibríoch, uathoibríche.

  • Is iadsan na daoine is imníche sa tír.
  • Is eisean is taithíche ar an obair seo.
  • Cuirfear an córas is uathoibríche i bhfeidhm.

4.8.2 Foirmeacha Neamhrialta Comparáide #

Tá foirmeacha neamhrialta ar roinnt aidiachtaí, e.g.,

  • beag → lú

  • dócha → dóichí

  • fada → faide (sia)

  • fogas → foisce

  • furasta → fusa

  • gearr → giorra

  • iomaí → lia

  • maith → fearr

  • mór → mó

  • olc → measa

  • te → teo

  • Is é Rónán an duine is fearr sa rang.

  • Is í an chuimhne is faide (is sia) siar i mo cheann í.

  • Cé acu ceann is mó?

4.8.3 Foirmeacha ar Lorg dá agus a #

(a) I ndiaidh dá agus a, is cuma feidhm réamhthagrach nó feidhm iarthagrach a bheith acu, is gnách go n-úsáidtear foirm is ionann agus foirm na breischéime den aidiacht nó foirm a dhíorthaíonn ón mbreischéim nó ón mbunchéim agus a chríochnaíonn ar -cht.

(b) Ní úsáidtear ach foirm amháin i gcás na n-aidiachtaí seo a leanas: dócha, dóichí; dona, donacht; furasta, fusacht; gearr, giorracht; agus i gcás na leaganacha neamhrialta seo: beag, laghad; fada, fad; iomaí, liacht; maith, feabhas; mór, méad/méid; olc, olcas; tiubh, tiús.

(c) Úsáidtear méid seachas méad i gcásanna áirithe, e.g., dá mhéad airgead a bhí aici ach a mhéid is indéanta le réasún; a mhéid is gá.

  • B’aoibhinn liom a áille (a bhinne, a chruinne, a líofa, a réidhe, a shoiléire) a labhair sí.
  • Ní chreidfeá a achrannaí (a dhonacht, a olcas, a shleamhaine, a uaigní) a bhí an áit.
  • Fuair sé ardmholadh trína fheabhas a rinne sé an obair.
  • Dá chríonna (dá chróga, dá fheabhas, dá ghlice, dá oilte) é, níor éirigh an gnó leis.
  • Dá dhonacht (dá ghránna, dá leisciúla, dá olcas, dá shuaraí) é, caithfear glacadh leis.
  • Dá mhéad dúil a bhí aici ann, níor cheannaigh sí sa deireadh é.

4.9 An Aidiacht Shealbhach #

4.9.1 Feidhm na hAidiachta Sealbhaí #

De bhrí go bhfeidhmíonn na haidiachtaí sealbhacha, mo, do, a (firinscneach agus baininscneach uatha), ár, bhur agus a (iolra) mar fhorainmneacha sa ghinideach, déantar trácht orthu i gCaibidil 8.

4.10 An Aidiacht Thaispeántach #

4.10.1 Úsáid na hAidiachta Taispeántaí #

Is iad seo, sin, siúd agus úd na haidiachtaí taispeántacha. (Cé gur forainmnigh thaispeántacha iad seo, sin agus siúd, is minic a dhéantar tagairt dóibh mar aidiachtaí taispeántacha.)

  • Tá an fear seo tinn.
  • Beidh an buachaill seo ag teacht liom.
  • Is liomsa iad seo.
  • Níl an doras sin dúnta.
  • Síle is ainm don chailín sin.
  • Díoladh a theach siúd inné.
  • Is aige siúd a bhí an t-airgead.
  • An bhfeiceann tú an pháirc úd thall?

4.11 An Aidiacht Fhaisnéiseach #

4.11.1 Riail na hAidiachta Faisnéisí #

Is aidiacht fhaisnéiseach aidiacht atá ag cáiliú an ainmní mar fhaisnéis nó mar chuid den fhaisnéis, e.g., Nach deas é?; Tá an aimsir fuar. Ní dhéantar an aidiacht fhaisnéiseach a infhilleadh ná ní chuirtear séimhiú uirthi.

  • Bhí an traein folamh.
  • Bíonn na busanna déanach.
  • An bhfuil an bhean sin saibhir?
  • Beidh an bhainis sin mór.

4.12 An Aidiacht Bhriathartha #

4.12.1 Feidhmeanna na hAidiachta Briathartha #

Feidhmíonn an aidiacht bhriathartha mar ghnáthaidiacht. Úsáidtear an aidiacht bhriathartha–

  • (a) mar aidiacht cháilíochta, e.g., Is bean phósta í;
  • (b) mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg na copaile, e.g., Ní briste atá sé;
  • (c) mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg an bhriathair bí ag léiriú staid an chuspóra tar éis an ghnímh, e.g., Is í atá tugtha don obair;
  • (d) mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg an bhriathair bí ag léiriú staid an ghníomhaí tar éis an ghnímh, e.g., Táimid beirthe go maith leis an socrú sin.
✓Nasc cóipeáilte!