An Briathar
Caibidil 5: The Verb
5.1 Na Briathra Rialta #
5.1.1 Dhá Réimniú #
Tá dhá réimniú ar na briathra rialta.
5.1.2 An Chéad Réimniú #
Baineann leis an gCéad Réimniú:
- (a) briathra ó fhréamhacha aonsiollacha, e.g., bog, bris, caith, mol, lena n-áirítear briathra a chríochnaíonn ar -igh, e.g., breoigh, clóigh, cráigh, iaigh, luaigh, reoigh, sáigh;
- (b) briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -áil, e.g., sábháil, tarrtháil; agus roinnt briathra ilsiollacha ar leith, e.g., adhlaic, ceiliúir, gearán, seachaid, taispeáin, tíolaic.
5.1.3 An Dara Réimniú #
Baineann leis an Dara Réimniú:
- (a) briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)igh, e.g., ceannaigh, imigh;
- (b) briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)il, -(a)in, -(a)ir, -(a)is agus a choimrítear sa réimniú, e.g., agair, codail, cogain, iompair, tochail;
- (c) líon beag briathra ar leith ar nós foghlaim, fulaing, tarraing, tuirling.
5.1.4 Briathra Comhshuite #
Is ionann réimniú de ghnáth do bhriathar comhshuite agus don bhriathar ónar cumadh é:
- (a) tá aisíoc, athdhear agus comhlíon sa chéad réimniú ar aon dul le íoc, dear agus líon; agus
- (b) tá athchomhairligh, comhdhlúthaigh agus comhshínigh sa dara réimniú ar aon dul le comhairligh, dlúthaigh agus sínigh.
5.1.5 An Modh Foshuiteach #
(a) Má tá feidhm ghuítheach ag abairt is sa mhodh foshuiteach a bhíonn sí i gcónaí, e.g., Go raibh maith agat; Go dté tú slán. Bíonn rogha idir an modh foshuiteach láithreach agus an aimsir fháistineach nuair is aimsir phríomha atá ag briathar an phríomhchlásail sna cásanna seo a leanas:
- (i) i ndiaidh na gcónasc ama ach a, go, nó go, sula, e.g., Gheobhaimid an scéal ceart ach a dtaga (a dtiocfaidh) Pól; Ná beannaigh don diabhal go mbeannaí (go mbeannóidh) sé duit; Beidh tú ann nó go bhfása (nó go bhfásfaidh) coincleach ort; Beidh siad ann sula mbuailtear (sula mbuailfear) clog an aingil;
- (ii) i ndiaidh na gcónasc aidhme go, nó go, e.g., Féach é go bhfeice (go bhfeicfidh) tú; Suigh nó go raibh (nó go mbeidh) do scíth déanta agat;
- (iii) i gcéadbheart oscailte i ndiaidh mura, e.g., Mura gcuire (mura gcuirfidh) tú, ní bhainfidh tú.
(b) (i) Is ionann foirmeacha an mhodha fhoshuitigh chaite agus foirmeacha na haimsire gnáthchaite spleáiche (ach amháin i gcás an bhriathair bí [féach an Fhoirm Spleách, 5.1.8]). Is féidir freisin foirm an mhodha choinníollaigh a úsáid thar ceann an fhoshuitigh chaite más san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach atá an príomhchlásal, e.g., Tháinig (thagadh, thiocfadh) sí isteach sula bhfeictí (bhfeicfí) í. I gcás an bhriathair bí is ionann foirmeacha don mhodh foshuiteach caite agus don mhodh coinníollach.
(ii) Sna táblaí sa chaibidil seo, léirítear an modh foshuiteach láithreach leis an mír go. Bíodh go leanann urú an mhír sin agus roinnt eile, ní hamhlaidh i gcás gach míre a ghabhann leis an modh foshuiteach. Séimhiú a leanann nár, e.g., Nár fhana sé i bhfad.
5.1.6 An Mhír Dhiúltach #
Is í ní (níor) an mhír dhiúltach agus léirítear í sna táblaí ina dtugtar an fhoirm dhiúltach.
5.1.7 An Fhoirm Neamhspleách #
Is í an fhoirm neamhspleách an fhoirm den bhriathar a úsáidtear i bpríomhchlásal ráiteasach dearfach, e.g., bhí mé; ceannóidh sé; mholfadh sí. Mura bhfuil a mhalairt ráite, is í an fhoirm neamhspleách a thugtar sa réimniú sa chuid eile den chaibidil seo, ach amháin sa Mhodh Foshuiteach Láithreach.
5.1.8 An Fhoirm Spleách #
Is í an fhoirm spleách a leanann na cónaisc, na forainmneacha coibhneasta agus na míreanna briathartha seo: a/ar (= an mhír choibhneasta), a/ar (= an méid a/ar), an/ar, cá/cár, dá/dár (de nó do + a (ar)) agus dá (coinníollach), go/gur, mura/murar, nach/nár, ní/níor, sula/sular (féach 10.4.2 agus 10.8.2).
Nóta: San aimsir chaite amháin a úsáidtear na leaganacha a chríochnaíonn ar -r thuas (ach féach 5.4.5).
5.1.9 Aimsir an Bhriathair i gcás má agus nuair #
Is í an aimsir ghnáthláithreach a leanann má chun coinníoll sa todhchaí a chur in iúl, e.g., Déanfaidh mé um thráthnóna é má bhíonn deis agam. Is í an aimsir fháistineach a leanann nuair má táthar ag trácht ar rud atá le tarlú amach anseo, e.g., Glan é nuair a thiocfaidh tú isteach amárach.
5.1.10 Muid #
Is féidir muid a úsáid leis an bhfoirm scartha den bhriathar sa chéad phearsa iolra de rogha ar na foirmeacha táite den bhriathar (a thugtar sna táblaí) i ngach uile mhodh agus aimsir. Tá comhstádas ag an bhfoirm scartha muid agus ag na foirmeacha táite den bhriathar sa chéad phearsa iolra.
Tábla 5A: An Fhoirm Scartha muid #
| An Aimsir / Modh | An Fhoirm Scartha + muid | An Fhoirm Tháite den Bhriathar |
|---|---|---|
| An Aimsir Láithreach | molann muid tá muid | molaimid táimid |
| An Aimsir Chaite | cheannaigh muid ní fhaca muid | cheannaíomar ní fhacamar |
| An Aimsir Ghnáthchaite | d’itheadh muid chrádh muid | d’ithimis chráimis |
| An Aimsir Fháistineach | láimhseoidh muid rachaidh muid | láimhseoimid rachaimid |
| An Modh Coinníollach | chloisfeadh muid nífeadh muid | chloisfimis nífimis |
| An Modh Foshuiteach Láithreach | go gceanglaí muid go dtaga muid | go gceanglaímid go dtagaimid |
| An Modh Ordaitheach | déanadh muid fágadh muid | déanaimis fágaimis |
5.2 An Chéad Réimniú #
5.2.1 Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan seachas -gh #
Tábla 5B: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair mol #
Ainm Briathartha: moladh | Aidiacht Bhriathartha: molta
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | molaim | mhol mé | mholainn | molfaidh mé |
| 2ú Uatha | molann tú | mhol tú | mholtá | molfaidh tú |
| 3ú Uatha | molann sé/sí | mhol sé/sí | mholadh sé/sí | molfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | molaimid | mholamar | mholaimis | molfaimid |
| 2ú Iolra | molann sibh | mhol sibh | mholadh sibh | molfaidh sibh |
| 3ú Iolra | molann siad | mhol siad | mholaidís | molfaidh siad |
| Saorbhriathar | moltar | moladh | mholtaí | molfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | mholfainn | go mola mé | molaim |
| 2ú Uatha | mholfá | go mola tú | mol |
| 3ú Uatha | mholfadh sé/sí | go mola sé/sí | moladh sé/sí |
| 1ú Iolra | mholfaimis | go molaimid | molaimis |
| 2ú Iolra | mholfadh sibh | go mola sibh | molaigí |
| 3ú Iolra | mholfaidís | go mola siad | molaidís |
| Saorbhriathar | mholfaí | go moltar | moltar |
Tábla 5C: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair bris #
Ainm Briathartha: briseadh | Aidiacht Bhriathartha: briste
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | brisim | bhris mé | bhrisinn | brisfidh mé |
| 2ú Uatha | briseann tú | bhris tú | bhristeá | brisfidh tú |
| 3ú Uatha | briseann sé/sí | bhris sé/sí | bhriseadh sé/sí | brisfidh sé/sí |
| 1ú Iolra | brisimid | bhriseamar | bhrisimis | brisfimid |
| 2ú Iolra | briseann sibh | bhris sibh | bhriseadh sibh | brisfidh sibh |
| 3ú Iolra | briseann siad | bhris siad | bhrisidís | brisfidh siad |
| Saorbhriathar | bristear | briseadh | bhristí | brisfear |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | bhrisfinn | go mbrise mé | brisim |
| 2ú Uatha | bhrisfeá | go mbrise tú | bris |
| 3ú Uatha | bhrisfeadh sé/sí | go mbrise sé/sí | briseadh sé/sí |
| 1ú Iolra | bhrisfimis | go mbrisimid | brisimis |
| 2ú Iolra | bhrisfeadh sibh | go mbrise sibh | brisigí |
| 3ú Iolra | bhrisfidís | go mbrise siad | brisidís |
| Saorbhriathar | bhrisfí | go mbristear | bristear |
Nóta: Séimhítear an briathar neamhspleách rialta sa mhodh táscach, aimsir chaite (seachas an saorbhriathar) agus sa mhodh coinníollach. Tá tuilleadh eolais in 10.4 faoi na cásanna eile ina séimhítear an briathar spleách agus neamhspleách agus pléitear na cásanna ina n-uraítear an briathar in 10.8.
(a) Is ar an gcuma chéanna le mol a réimnítear briathra rialta ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan, agus is ar an gcuma chéanna le bris a réimnítear briathra rialta ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol.
(b) Má ghabhann fréamh a chríochnaíonn ar -t nó -th (e.g., at, loit, caith, leath) foirceann dar tús -t- (e.g., -tar/-tear, -taí/-tí, -tá/-teá, -ta/-te), déantar -t- den -t(h)t-:
| Foirm | Críochnaíonn ar -t(h) leathan: -t(h) + t- → -t- | Críochnaíonn ar -t(h) caol: -t(h) + t- → -t- |
|---|---|---|
| An Aimsir Láithreach | at + tar → atar leath + tar → leatar | loit + tear → loitear caith + tear → caitear |
| An Aimsir Ghnáthchaite | d’at + taí → d’ataí leath + taí → leataí | loit + tí → loití caith + tí → chaití |
| An Aidiacht Bhriathartha | at + ta → ata leath + ta → leata | loit + te → loite caith + te → caite |
(c) Má ghabhann fréamh a chríochnaíonn ar -bh nó -mh (e.g., gabh, ríomh) foirceann dar tús -th- (e.g., -tha san aidiacht bhriathartha), déantar -f- den -bhth- nó den -mhth-:
| Foirm | Críochnaíonn ar -bh: -bh + th- → -f- | Críochnaíonn ar -mh: -mh + th- → -f- |
|---|---|---|
| An Aidiacht Bhriathartha | gabh + tha → gafa | ríomh + tha → ríofa |
5.2.2 Briathra ó Fhréamhacha Ilsiollacha #
Tábla 5D: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair sábháil #
Ainm Briathartha: sábháil | Aidiacht Bhriathartha: sábháilte
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | sábhálaim | shábháil mé | shábhálainn | sábhálfaidh mé |
| 2ú Uatha | sábhálann tú | shábháil tú | shábháilteá | sábhálfaidh tú |
| 3ú Uatha | sábhálann sé/sí | shábháil sé/sí | shábháladh sé/sí | sábhálfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | sábhálaimid | shábhálamar | shábhálaimis | sábhálfaimid |
| 2ú Iolra | sábhálann sibh | shábháil sibh | shábháladh sibh | sábhálfaidh sibh |
| 3ú Iolra | sábhálann siad | shábháil siad | shábhálaidís | sábhálfaidh siad |
| Saorbhriathar | sábháiltear | sábháladh | shábháiltí | sábhálfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | shábhálfainn | go sábhála mé | sábhálaim |
| 2ú Uatha | shábhálfá | go sábhála tú | sábháil |
| 3ú Uatha | shábhálfadh sé/sí | go sábhála sé/sí | sábháladh sé/sí |
| 1ú Iolra | shábhálfaimis | go sábhálaimid | sábhálaimis |
| 2ú Iolra | shábhálfadh sibh | go sábhála sibh | sábhálaigí |
| 3ú Iolra | shábhálfaidís | go sábhála siad | sábhálaidís |
| Saorbhriathar | shábhálfaí | go sábháiltear | sábháiltear |
Nóta: Maidir le briathra a chríochnaíonn ar -áil, tabhair faoi deara go mbíonn na leaganacha le -t- caol, e.g., athchúrsáiltear, d’athchúrsáiltí, athchúrsáilte; sábháiltear, shábháiltí, sábháilte, ach go mbíonn na leaganacha le -f- leathan, e.g., athchúrsálfar, d’athchúrsálfaí; sábhálfar, shábhálfaí.
Tábla 5E: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair tíolaic #
Ainm Briathartha: tíolacadh | Aidiacht Bhriathartha: tíolactha
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | tíolacaim | thíolaic mé | thíolacainn | tíolacfaidh mé |
| 2ú Uatha | tíolacann tú | thíolaic tú | thíolactá | tíolacfaidh tú |
| 3ú Uatha | tíolacann sé/sí | thíolaic sé/sí | thíolacadh sé/sí | tíolacfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | tíolacaimid | thíolacamar | thíolacaimis | tíolacfaimid |
| 2ú Iolra | tíolacann sibh | thíolaic sibh | thíolacadh sibh | tíolacfaidh sibh |
| 3ú Iolra | tíolacann siad | thíolaic siad | thíolacaidís | tíolacfaidh siad |
| Saorbhriathar | tíolactar | tíolacadh | thíolactaí | tíolacfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | thíolacfainn | go dtíolaca mé | tíolacaim |
| 2ú Uatha | thíolacfá | go dtíolaca tú | tíolaic |
| 3ú Uatha | thíolacfadh sé/sí | go dtíolaca sé/sí | tíolacadh sé/sí |
| 1ú Iolra | thíolacfaimis | go dtíolacaimid | tíolacaimis |
| 2ú Iolra | thíolacfadh sibh | go dtíolaca sibh | tíolacaigí |
| 3ú Iolra | thíolacfaidís | go dtíolaca siad | thíolacaidís |
| Saorbhriathar | thíolacfaí | go dtíolactar | tíolactar |
(a) Briathra a réimnítear ar nós sábháil:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| bácáil | bácálaim | bácáil | bácáilte |
| cóipeáil | cóipeálaim | cóipeáil | cóipeáilte |
| nótáil | nótálaim | nótáil | nótáilte |
| péinteáil | péinteálaim | péinteáil | péinteáilte |
(b) Briathra a réimnítear ar nós tíolaic:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| adhair | adhraim | adhradh | adhartha |
| adhlaic | adhlacaim | adhlacadh | adhlactha |
| ceiliúir | ceiliúraim | ceiliúradh | ceiliúrtha |
| seachaid | seachadaim | seachadadh | seachadta |
| tionóil | tionólaim | tionól | tionólta |
(c) Briathra a choinnítear caol tríd síos (gan an t-ainm briathartha a áireamh) ina réimniú:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| toirmisc | toirmiscim | toirmeasc | toirmiscthe |
| tiomáin | tiomáinim | tiomáint | tiomáinte |
(d) Briathra a choinnítear leathan tríd síos ina réimniú:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| coimeád | coimeádaim | coimeád | coimeádta |
| gearán | gearánaim | gearán | gearánta |
Nóta: Coimrítear na briathra ó na fréamhacha adhain, adhair agus sleabhac ina réimniú amhail is dá mba adhn-, adhr-, sleabhc-, ba fhréamh dóibh, e.g., adhnann sé, adhrfaidh sí, sleabhctha, ach amháin san aimsir chaite scartha, e.g., d’adhain sé, d’adhair sí, shleabhac siad, agus in aidiachtaí briathartha adhain, adhair, e.g., adhainte, adhartha.
5.2.3 Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar -gh #
A. Cráigh, dóigh
Tábla 5F: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair cráigh #
Ainm Briathartha: crá | Aidiacht Bhriathartha: cráite
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | cráim | chráigh mé | chráinn | cráfaidh mé |
| 2ú Uatha | cránn tú | chráigh tú | chráiteá | cráfaidh tú |
| 3ú Uatha | cránn sé/sí | chráigh sé/sí | chrádh sé/sí | cráfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | cráimid | chrámar | chráimis | cráfaimid |
| 2ú Iolra | cránn sibh | chráigh sibh | chrádh sibh | cráfaidh sibh |
| 3ú Iolra | cránn siad | chráigh siad | chráidís | cráfaidh siad |
| Saorbhriathar | cráitear | crádh | chráití | cráfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | chráfainn | go gcrá mé | cráim |
| 2ú Uatha | chráfá | go gcrá tú | cráigh |
| 3ú Uatha | chráfadh sé/sí | go gcrá sé/sí | crádh sé/sí |
| 1ú Iolra | chráfaimis | go gcráimid | cráimis |
| 2ú Iolra | chráfadh sibh | go gcrá sibh | cráigí |
| 3ú Iolra | chráfaidís | go gcrá siad | cráidís |
| Saorbhriathar | chráfaí | go gcráitear | cráitear |
Nóta: Maidir le briathra a réimnítear ar nós cráigh agus dóigh, tabhair faoi deara go mbíonn na leaganacha le -t- caol, e.g., chráiteá, cráitear; dhóiteá, dóitear, ach go mbíonn na leaganacha le -f- leathan, e.g., cráfaidh tú, chráfaí; dófaidh tú, dhófaí.
Tábla 5G: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair dóigh #
Ainm Briathartha: dó | Aidiacht Bhriathartha: dóite
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | dóim | dhóigh mé | dhóinn | dófaidh mé |
| 2ú Uatha | dónn tú | dhóigh tú | dhóiteá | dófaidh tú |
| 3ú Uatha | dónn sé/sí | dhóigh sé/sí | dhódh sé/sí | dófaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | dóimid | dhómar | dhóimis | dófaimid |
| 2ú Iolra | dónn sibh | dhóigh sibh | dhódh sibh | dófaidh sibh |
| 3ú Iolra | dónn siad | dhóigh siad | dhóidís | dófaidh siad |
| Saorbhriathar | dóitear | dódh | dhóití | dófar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | dhófainn | go ndó mé | dóim |
| 2ú Uatha | dhófá | go ndó tú | dóigh |
| 3ú Uatha | dhófadh sé/sí | go ndó sé/sí | dódh sé/sí |
| 1ú Iolra | dhófaimis | go ndóimid | dóimis |
| 2ú Iolra | dhófadh sibh | go ndó sibh | dóigí |
| 3ú Iolra | dhófaidís | go ndó siad | dóidís |
| Saorbhriathar | dhófaí | go ndóitear | dóitear |
(a) Briathra a réimnítear ar nós cráigh, dóigh:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| báigh | báim | bá | báite |
| cneáigh | cneáim | cneá | cneáite |
| meáigh | meáim | meá | meáite |
| leáigh | leáim | leá | leáite |
| clóigh | clóim | cló | clóite |
| breoigh | breoim | breo | breoite |
| dreoigh | dreoim | dreo | dreoite |
| feoigh | feoim | feo | feoite |
| reoigh | reoim | reo | reoite |
| brúigh | brúim | brú | brúite |
| crúigh | crúim | crú | crúite |
| liúigh | liúim | liú | liúite |
| súigh | súim | sú | súite |
| luaigh | luaim | lua | luaite |
(b) Briathra a bhfuil ainm briathartha ar leith acu:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| beoigh | beoim | beochan | beoite |
| buaigh | buaim | buachan | buaite |
| cruaigh | cruaim | cruachan | cruaite |
| fuaigh | fuaim | fuáil | fuaite |
| glaoigh | glaoim | glaoch | glaoite |
| iaigh | iaim | iamh | iata |
B. Léigh, nigh
I gcás briathra a bhfuil guta gearr sa fhréamh iontu, fágtar an guta gan fadú roimh -t, e.g., nite, nitear; ite, itear.
Tábla 5H: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair léigh #
Ainm Briathartha: léamh | Aidiacht Bhriathartha: léite
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | léim | léigh mé | léinn | léifidh mé |
| 2ú Uatha | léann tú | léigh tú | léiteá | léifidh tú |
| 3ú Uatha | léann sé/sí | léigh sé/sí | léadh sé/sí | léifidh sé/sí |
| 1ú Iolra | léimid | léamar | léimis | léifimid |
| 2ú Iolra | léann sibh | léigh sibh | léadh sibh | léifidh sibh |
| 3ú Iolra | léann siad | léigh siad | léidís | léifidh siad |
| Saorbhriathar | léitear | léadh | léití | léifear |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | léifinn | go lé mé | léim |
| 2ú Uatha | léifeá | go lé tú | léigh |
| 3ú Uatha | léifeadh sé/sí | go lé sé/sí | léadh sé/sí |
| 1ú Iolra | léifimis | go léimid | léimis |
| 2ú Iolra | léifeadh sibh | go lé sibh | léigí |
| 3ú Iolra | léifidís | go lé siad | léidís |
| Saorbhriathar | léifí | go léitear | léitear |
Tábla 5I: An Chéad Réimniú – Réimniú an Bhriathair nigh #
Ainm Briathartha: ní | Aidiacht Bhriathartha: nite
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | ním | nigh mé | ninn | nífidh mé |
| 2ú Uatha | níonn tú | nigh tú | niteá | nífidh tú |
| 3ú Uatha | níonn sé/sí | nigh sé/sí | níodh sé/sí | nífidh sé/sí |
| 1ú Iolra | nímid | níomar | nímis | nífimid |
| 2ú Iolra | níonn sibh | nigh sibh | níodh sibh | nífidh sibh |
| 3ú Iolra | níonn siad | nigh siad | nídís | nífidh siad |
| Saorbhriathar | nitear | níodh | nití | nífear |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | nífinn | go ní mé | ním |
| 2ú Uatha | nífeá | go ní tú | nigh |
| 3ú Uatha | nífeadh sé/sí | go ní sé/sí | níodh sé/sí |
| 1ú Iolra | nífimis | go nímid | nímis |
| 2ú Iolra | nífeadh sibh | go ní sibh | nígí |
| 3ú Iolra | nífidís | go ní siad | nídís |
| Saorbhriathar | nífí | go nitear | nitear |
(a) Briathra a réimnítear ar nós léigh:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| deilbh | deilbhim | dealbh / deilbh | deilbhte |
| feann | feannaim | feannadh | feannta |
| gearr | gearraim | gearradh | gearrtha |
| spreag | spreagaim | spreagadh | spreagtha |
(b) Briathra a réimnítear ar nós nigh:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| suigh | suím | suí | suite |
| luigh | luím | luí | luite |
| guigh | guím | guí | guite |
| crigh | crím | críocht | crite |
5.3 An Dara Réimniú #
5.3.1 Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)igh #
Tábla 5J: An Dara Réimniú – Réimniú an Bhriathair beannaigh #
Ainm Briathartha: beannú | Aidiacht Bhriathartha: beannaithe
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | beannaím | bheannaigh mé | bheannaínn | beannóidh mé |
| 2ú Uatha | beannaíonn tú | bheannaigh tú | bheannaíteá | beannóidh tú |
| 3ú Uatha | beannaíonn sé/sí | bheannaigh sé/sí | bheannaíodh sé/sí | beannóidh sé/sí |
| 1ú Iolra | beannaímid | bheannaíomar | bheannaímis | beannóimid |
| 2ú Iolra | beannaíonn sibh | bheannaigh sibh | bheannaíodh sibh | beannóidh sibh |
| 3ú Iolra | beannaíonn siad | bheannaigh siad | bheannaídís | beannóidh siad |
| Saorbhriathar | beannaítear | beannaíodh | bheannaítí | beannófar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | bheannóinn | go mbeannaí mé | beannaím |
| 2ú Uatha | bheannófá | go mbeannaí tú | beannaigh |
| 3ú Uatha | bheannódh sé/sí | go mbeannaí sé/sí | beannaíodh sé/sí |
| 1ú Iolra | bheannóimis | go mbeannaímid | beannaímis |
| 2ú Iolra | bheannódh sibh | go mbeannaí sibh | beannaígí |
| 3ú Iolra | bheannóidís | go mbeannaí siad | beannaídís |
| Saorbhriathar | bheannófaí | go mbeannaítear | beannaítear |
Tábla 5K: An Dara Réimniú – Réimniú an Bhriathair cruinnigh #
Ainm Briathartha: cruinniú | Aidiacht Bhriathartha: cruinnithe
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | cruinním | chruinnigh mé | chruinnínn | cruinneoidh mé |
| 2ú Uatha | cruinníonn tú | chruinnigh tú | chruinníteá | cruinneoidh tú |
| 3ú Uatha | cruinníonn sé/sí | chruinnigh sé/sí | chruinníodh sé/sí | cruinneoidh sé/sí |
| 1ú Iolra | cruinnímid | chruinníomar | chruinnímis | cruinneoimid |
| 2ú Iolra | cruinníonn sibh | chruinnigh sibh | chruinníodh sibh | cruinneoidh sibh |
| 3ú Iolra | cruinníonn siad | chruinnigh siad | chruinnídís | cruinneoidh siad |
| Saorbhriathar | cruinnítear | cruinníodh | chruinnítí | cruinneofar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | chruinneoinn | go gcruinní mé | cruinním |
| 2ú Uatha | chruinneofá | go gcruinní tú | cruinnigh |
| 3ú Uatha | chruinneodh sé/sí | go gcruinní sé/sí | cruinníodh sé/sí |
| 1ú Iolra | chruinneoimis | go gcruinnímid | cruinnímis |
| 2ú Iolra | chruinneodh sibh | go gcruinní sibh | cruinnígí |
| 3ú Iolra | chruinneoidís | go gcruinní siad | cruinnídís |
| Saorbhriathar | chruinneofaí | go gcruinnítear | cruinnítear |
Nóta: Tabhair faoi deara gur ar an gcuma chéanna le beannaigh a réimnítear briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -aigh, agus gur ar an gcuma chéanna le cruinnigh a réimnítear briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -igh; ach tá eisceachtaí san ainm briathartha (féach 5.5.2) agus correisceacht san aidiacht bhriathartha, e.g., dathaigh, daite; dlúthaigh, dlúite; táthaigh, táite.
(a) Briathra a réimnítear ar nós beannaigh:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| ardaigh | ardaím | ardú | ardaithe |
| ceannaigh | ceannaím | ceannach | ceannaithe |
| ordaigh | ordaím | ordú | ordaithe |
| salaigh | salaím | salú | salaithe |
(b) Briathra a réimnítear ar nós cruinnigh:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| aontaigh | aontaím | aontú | aontaithe |
| bailigh | bailím | bailiú | bailithe |
| imigh | imím | imeacht | imithe |
| oibrigh | oibrím | oibriú | oibrithe |
5.3.2 Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)il, -(a)in, -(a)ir, -(a)is agus a choimrítear sa réimniú #
Tábla 5L: An Dara Réimniú – Réimniú an Bhriathair ceangail #
Ainm Briathartha: ceangal | Aidiacht Bhriathartha: ceangailte
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | ceanglaím | cheangail mé | cheanglaínn | ceanglóidh mé |
| 2ú Uatha | ceanglaíonn tú | cheangail tú | cheanglaíteá | ceanglóidh tú |
| 3ú Uatha | ceanglaíonn sé/sí | cheangail sé/sí | cheanglaíodh sé/sí | ceanglóidh sé/sí |
| 1ú Iolra | ceanglaímid | cheanglaíomar | cheanglaímis | ceanglóimid |
| 2ú Iolra | ceanglaíonn sibh | cheangail sibh | cheanglaíodh sibh | ceanglóidh sibh |
| 3ú Iolra | ceanglaíonn siad | cheangail siad | cheanglaídís | ceanglóidh siad |
| Saorbhriathar | ceanglaítear | ceanglaíodh | cheanglaítí | ceanglófar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | cheanglóinn | go gceanglaí mé | ceanglaím |
| 2ú Uatha | cheanglófá | go gceanglaí tú | ceangail |
| 3ú Uatha | cheanglódh sé/sí | go gceanglaí sé/sí | ceanglaíodh sé/sí |
| 1ú Iolra | cheanglóimis | go gceanglaímid | ceanglaímis |
| 2ú Iolra | cheanglódh sibh | go gceanglaí sibh | ceanglaígí |
| 3ú Iolra | cheanglóidís | go gceanglaí siad | ceanglaídís |
| Saorbhriathar | cheanglófaí | go gceanglaítear | ceanglaítear |
Tábla 5M: An Dara Réimniú – Réimniú an Bhriathair díbir #
Ainm Briathartha: díbirt | Aidiacht Bhriathartha: díbeartha
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | díbrím | dhíbir mé | dhíbrínn | díbreoidh mé |
| 2ú Uatha | díbríonn tú | dhíbir tú | dhíbríteá | díbreoidh tú |
| 3ú Uatha | díbríonn sé/sí | dhíbir sé/sí | dhíbríodh sé/sí | díbreoidh sé/sí |
| 1ú Iolra | díbrímid | dhíbríomar | dhíbrímis | díbreoimid |
| 2ú Iolra | díbríonn sibh | dhíbir sibh | dhíbríodh sibh | díbreoidh sibh |
| 3ú Iolra | díbríonn siad | dhíbir siad | dhíbrídís | díbreoidh siad |
| Saorbhriathar | díbrítear | díbríodh | dhíbrítí | díbreofar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | dhíbreoinn | go ndíbrí mé | díbrím |
| 2ú Uatha | dhíbreofá | go ndíbrí tú | díbir |
| 3ú Uatha | dhíbreodh sé/sí | go ndíbrí sé/sí | díbríodh sé/sí |
| 1ú Iolra | dhíbreoimis | go ndíbrímid | díbrímis |
| 2ú Iolra | dhíbreodh sibh | go ndíbrí sibh | díbrígí |
| 3ú Iolra | dhíbreoidís | go ndíbrí siad | díbrídís |
| Saorbhriathar | dhíbreofaí | go ndíbrítear | díbrítear |
(a) Briathra a réimnítear ar nós ceangail:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| agair | agraím | agairt | agartha |
| cogain | cognaím | cogaint | coganta |
| imir | imrím | imirt | imeartha |
| inis | insím | insint | inste |
| iompair | iompraím | iompar | iompartha |
| oscail | osclaím | oscailt | oscailte |
(b) Briathra a réimnítear ar nós díbir:
| An Fhréamh | An Chéad Phearsa Uatha An Aimsir Láithreach | An tAinm Briathartha | An Aidiacht Bhriathartha |
|---|---|---|---|
| aistrigh | aistrím | aistriú | aistrithe |
| faoisigh | faoisím | faoisiú | faoisithe |
| taistil | taistlím | taisteal | taistilte |
(c) Consan caol ag éirí leathan le linn coimrithe:
- codail → codlaím, chodail mé, codlóidh mé; ainm briathartha: codladh; aidiacht bhriathartha: toirchim codlata
- eitil → eitlíonn sí, eitleoidh sí; ainm briathartha: eitilt; aidiacht bhriathartha: eitilte
(d) Briathra ilsiollacha áirithe nach gcoimrítear:
- foghlaim → foghlaimím, d’fhoghlaim mé, foghlaimeoidh mé; ainm briathartha: foghlaim; aidiacht bhriathartha: foghlamtha
- fulaing → fulaingím, d’fhulaing mé, fulaingeoidh mé; ainm briathartha: fulang; aidiacht bhriathartha: fulaingthe
- tarraing → tarraingím, tharraing mé, tarraingeoidh mé; ainm briathartha: tarraingt; aidiacht bhriathartha: tarraingthe
- tuirling → tuirlingím, thuirling mé, tuirlingeoidh mé; ainm briathartha: tuirlingt; aidiacht bhriathartha: tuirlingthe
5.4 Na Briathra Neamhrialta #
5.4.1 An tAon Bhriathar Déag #
Aon bhriathar déag neamhrialta atá ann. Is iad seo a leanas na briathra neamhrialta: abair, beir, bí, clois/cluin, déan, faigh, feic, ith, tabhair, tar, téigh.
5.4.2 Éagsúlacht Fréamhacha #
Ní choinníonn na briathra neamhrialta an fhréamh chéanna tríd síos ina réimniú agus tá leaganacha ar leith ar chuid acu san fhoirm spleách.
5.4.3 Fréamh na hAimsire Gnáthláithrí agus na hAimsire Gnáthchaite #
Is ionann fréamh an bhriathair san aimsir ghnáthláithreach agus san aimsir ghnáthchaite sna briathra neamhrialta go léir, e.g., cloisimid, chloisimis; deirim, deirinn; tugann sí, thugadh sí. Seachas i gcás an bhriathair bí, bíonn an fhréamh chéanna leis an modh foshuiteach láithreach freisin, e.g., go gcloise; go ndeire; go dtuga.
5.4.4 Fréamh na hAimsire Fáistiní agus an Mhodha Choinníollaigh #
Is ionann fréamh an bhriathair san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach sna briathra neamhrialta go léir, e.g., déarfaidh mé, déarfainn; déanfaidh tú, dhéanfá; tabharfaidh siad, thabharfaidís.
5.4.5 An Fhoirm Spleách #
Is í an fhoirm spleách a leanann na cónaisc, na forainmneacha coibhneasta agus na míreanna briathartha seo: a/ar (= an mhír choibhneasta), a/ar (= an méid a/ar), an/ar, cá/cár, dá/dár (de nó do + a (ar)) agus dá (coinníollach), go/gur, mura/murar, nach/nár, ní/níor, sula/sular (féach 10.4.2 agus 10.8.2). Is le ní nó go a léirítear an fhoirm spleách sna táblaí.
(a) Úsáidtear na míreanna sin leis na briathra neamhrialta ar an modh céanna ar a n-úsáidtear iad leis na briathra rialta:
- An dtabharfadh sí síob chun na scoile duit?
- Dúirt siad go dtagann sí ar cuairt gach Satharn.
- Níor rug siad ar na gadaithe go fóill.
- Nár chuala tú faoin gcruinniú?
- Ar ith sé a dhóthain?
Ach ní úsáidtear na leaganacha a chríochnaíonn ar -r de na míreanna sin san aimsir chaite, modh táscach, leis na briathra abair, bí, déan (i gcás foirmeacha dar tús dearn-), faigh, feic, téigh:
- Nach ndeachaigh sibh abhaile fós?
- Cá bhfacamar cheana é?
- An ndúirt sé dada leatsa faoi?
- Deir sí go raibh siad ann.
- Ní bhfuair sé an t-airgead fós.
(b) Ní shéimhítear an briathar abair in aon chás, e.g., ní deirim (deirimis, dúirt sé, déarfainn), má deir tú (deiridís), na rudaí a déarfaidh (a déarfadh) sé.
(c) Táthaítear an mhír choibhneasta a leis an mbriathar bí san aimsir láithreach – atáim, atá, atáimid, atáthar. Cuirtear ná, in ionad nár, roimh fhoirmeacha an mhodha fhoshuitigh de bí, e.g., Ná raibh maith agat.
Tábla 5N: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair abair #
Ainm Briathartha: rá | Aidiacht Bhriathartha: ráite
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | deirim | dúirt mé | deirinn | déarfaidh mé |
| 2ú Uatha | deir tú | dúirt tú | deirteá | déarfaidh tú |
| 3ú Uatha | deir sé/sí | dúirt sé/sí | deireadh sé/sí | déarfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | deirimid | dúramar | deirimis | déarfaimid |
| 2ú Iolra | deir sibh | dúirt sibh | deireadh sibh | déarfaidh sibh |
| 3ú Iolra | deir siad | dúirt siad | deiridís | déarfaidh siad |
| Saorbhriathar | deirtear | dúradh | deirtí | déarfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | déarfainn | go ndeire mé | abraim |
| 2ú Uatha | déarfá | go ndeire tú | abair |
| 3ú Uatha | déarfadh sé/sí | go ndeire sé/sí | abradh sé/sí |
| 1ú Iolra | déarfaimis | go ndeirimid | abraimis |
| 2ú Iolra | déarfadh sibh | go ndeire sibh | abraigí |
| 3ú Iolra | déarfaidís | go ndeire siad | abraidís |
| Saorbhriathar | déarfaí | go ndeirtear | abraítear |
Nóta: Mar a luadh in 5.4.5(b), ní shéimhítear an briathar abair in aon chás.
Tábla 5O: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair beir #
Ainm Briathartha: breith | Aidiacht Bhriathartha: beirthe
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | beirim | rug mé | bheirinn | béarfaidh mé |
| 2ú Uatha | beireann tú | rug tú | bheirteá | béarfaidh tú |
| 3ú Uatha | beireann sé/sí | rug sé/sí | bheireadh sé/sí | béarfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | beirimid | rugamar | bheirimis | béarfaimid |
| 2ú Iolra | beireann sibh | rug sibh | bheireadh sibh | béarfaidh sibh |
| 3ú Iolra | beireann siad | rug siad | bheiridís | béarfaidh siad |
| Saorbhriathar | beirtear | rugadh | bheirtí | béarfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | bhéarfainn | go mbeire mé | beirim |
| 2ú Uatha | bhéarfá | go mbeire tú | beir |
| 3ú Uatha | bhéarfadh sé/sí | go mbeire sé/sí | beireadh sé/sí |
| 1ú Iolra | bhéarfaimis | go mbeirimid | beirimis |
| 2ú Iolra | bhéarfadh sibh | go mbeire sibh | beirigí |
| 3ú Iolra | bhéarfaidís | go mbeire siad | beiridís |
| Saorbhriathar | bhéarfaí | go mbeirtear | beirtear |
Tábla 5P: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair bí #
Ainm Briathartha: a bheith* | Aidiacht Bhriathartha: —
An Modh Táscach – An Aimsir Láithreach
| Pearsa | Neamhspleách Dearfach | Neamhspleách Diúltach | Spleách | Gnáthláithreach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | táim / tá mé | nílim / níl mé | go bhfuilim / go bhfuil mé | bím |
| 2ú Uatha | tá tú | níl tú | go bhfuil tú | bíonn tú |
| 3ú Uatha | tá sé/sí | níl sé/sí | go bhfuil sé/sí | bíonn sé/sí |
| 1ú Iolra | táimid | nílimid | go bhfuilimid | bímid |
| 2ú Iolra | tá sibh | níl sibh | go bhfuil sibh | bíonn sibh |
| 3ú Iolra | tá siad | níl siad | go bhfuil siad | bíonn siad |
| Saorbhriathar | táthar | níltear | go bhfuiltear | bítear |
An Modh Táscach – Aimsirí Eile
| Pearsa | An Aimsir Chaite (Neamhspleách) | An Aimsir Chaite (Spleách) | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | bhí mé | ní raibh mé | bhínn | beidh mé |
| 2ú Uatha | bhí tú | ní raibh tú | bhíteá | beidh tú |
| 3ú Uatha | bhí sé/sí | ní raibh sé/sí | bhíodh sé/sí | beidh sé/sí |
| 1ú Iolra | bhíomar | ní rabhamar | bhímis | beimid |
| 2ú Iolra | bhí sibh | ní raibh sibh | bhíodh sibh | beidh sibh |
| 3ú Iolra | bhí siad | ní raibh siad | bhídís | beidh siad |
| Saorbhriathar | bhíothas | ní rabhthas | bhítí | beifear |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | bheinn | go raibh mé | bím |
| 2ú Uatha | bheifeá | go raibh tú | bí |
| 3ú Uatha | bheadh sé/sí | go raibh sé/sí | bíodh sé/sí |
| 1ú Iolra | bheimis | go rabhaimid | bímis |
| 2ú Iolra | bheadh sibh | go raibh sibh | bígí |
| 3ú Iolra | bheidís | go raibh siad | bídís |
| Saorbhriathar | bheifí | go rabhthar | bítear |
*a bheith a bhíonn ann seachas i ndiaidh chun nó réamhfhocail shimplí áirithe, e.g., chun bheith, as bheith, gan bheith, le bheith.
Tábla 5Q: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair clois / cluin #
Ainm Briathartha: cloisteáil / cluinstin | Aidiacht Bhriathartha: cloiste / cluinte
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | cloisim / cluinim | chuala mé | chloisinn / chluininn | cloisfidh / cluinfidh mé |
| 2ú Uatha | cloiseann / cluineann tú | chuala tú | chloisteá / chluinteá | cloisfidh / cluinfidh tú |
| 3ú Uatha | cloiseann / cluineann sé/sí | chuala sé/sí | chloiseadh / chluineadh sé/sí | cloisfidh / cluinfidh sé/sí |
| 1ú Iolra | cloisimid / cluinimid | chualamar | chloisimis / chluinimis | cloisfimid / cluinfimid |
| 2ú Iolra | cloiseann / cluineann sibh | chuala sibh | chloiseadh / chluineadh sibh | cloisfidh / cluinfidh sibh |
| 3ú Iolra | cloiseann / cluineann siad | chuala siad | chloisidís / chluinidís | cloisfidh / cluinfidh siad |
| Saorbhriathar | cloistear / cluintear | chualathas | chloistí / chluintí | cloisfear / cluinfear |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | chloisfinn / chluinfinn | go gcloise / go gcluine mé | cloisim / cluinim |
| 2ú Uatha | chloisfeá / chluinfeá | go gcloise / go gcluine tú | clois / cluin |
| 3ú Uatha | chloisfeadh / chluinfeadh sé/sí | go gcloise / go gcluine sé/sí | cloiseadh / cluineadh sé/sí |
| 1ú Iolra | chloisfimis / chluinfimis | go gcloisimid / go gcluinimid | cloisimis / cluinimis |
| 2ú Iolra | chloisfeadh / chluinfeadh sibh | go gcloise / go gcluine sibh | cloisigí / cluinigí |
| 3ú Iolra | chloisfidís / chluinfidís | go gcloise / go gcluine siad | cloisidís / cluinidís |
| Saorbhriathar | chloisfí / chluinfí | go gcloistear / go gcluintear | cloistear / cluintear |
Tábla 5R: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair déan #
Ainm Briathartha: déanamh | Aidiacht Bhriathartha: déanta
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite (Neamhspleách) | An Aimsir Chaite (Spleách) | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | déanaim | rinne / dhein mé | ní dhearna / níor dhein mé | dhéanainn | déanfaidh mé |
| 2ú Uatha | déanann tú | rinne / dhein tú | ní dhearna / níor dhein tú | dhéantá | déanfaidh tú |
| 3ú Uatha | déanann sé/sí | rinne / dhein sé/sí | ní dhearna / níor dhein sé/sí | dhéanadh sé/sí | déanfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | déanaimid | rinneamar / dheineamar | ní dhearnamar / níor dheineamar | dhéanaimis | déanfaimid |
| 2ú Iolra | déanann sibh | rinne / dhein sibh | ní dhearna / níor dhein sibh | dhéanadh sibh | déanfaidh sibh |
| 3ú Iolra | déanann siad | rinne / dhein siad | ní dhearna / níor dhein siad | dhéanaidís | déanfaidh siad |
| Saorbhriathar | déantar | rinneadh / deineadh | ní dhearnadh / níor deineadh | dhéantaí | déanfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | dhéanfainn | go ndéana mé | déanaim |
| 2ú Uatha | dhéanfá | go ndéana tú | déan |
| 3ú Uatha | dhéanfadh sé/sí | go ndéana sé/sí | déanadh sé/sí |
| 1ú Iolra | dhéanfaimis | go ndéanaimid | déanaimis |
| 2ú Iolra | dhéanfadh sibh | go ndéana sibh | déanaigí |
| 3ú Iolra | dhéanfaidís | go ndéana siad | déanaidís |
| Saorbhriathar | dhéanfaí | go ndéantar | déantar |
Nóta: Tabhair faoi deara gur briathar rialta é déan ach amháin san aimsir chaite agus go ndéantar an aimsir chaite a réimniú ar dhá bhealach éagsúla, mar a léirítear sa tábla thuas. Sa chéad cheann díobh sin, tá foirmeacha éagsúla spleácha agus neamhspleácha ar an mbriathar.
Tábla 5S: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair faigh #
Ainm Briathartha: fáil | Aidiacht Bhriathartha: faighte
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach (Neamhspleách) | An Aimsir Fháistineach (Spleách) |
|---|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | faighim | fuair mé | d’fhaighinn | gheobhaidh mé | ní bhfaighidh mé |
| 2ú Uatha | faigheann tú | fuair tú | d’fhaighteá | gheobhaidh tú | ní bhfaighidh tú |
| 3ú Uatha | faigheann sé/sí | fuair sé/sí | d’fhaigheadh sé/sí | gheobhaidh sé/sí | ní bhfaighidh sé/sí |
| 1ú Iolra | faighimid | fuaireamar | d’fhaighimis | gheobhaimid | ní bhfaighimid |
| 2ú Iolra | faigheann sibh | fuair sibh | d’fhaigheadh sibh | gheobhaidh sibh | ní bhfaighidh sibh |
| 3ú Iolra | faigheann siad | fuair siad | d’fhaighidís | gheobhaidh siad | ní bhfaighidh siad |
| Saorbhriathar | faightear | fuarthas | d’fhaightí | gheofar | ní bhfaighfear |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach (Neamhspleách) | An Modh Coinníollach (Spleách) | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | gheobhainn | ní bhfaighinn | go bhfaighe mé | faighim |
| 2ú Uatha | gheofá | ní bhfaighfeá | go bhfaighe tú | faigh |
| 3ú Uatha | gheobhadh sé/sí | ní bhfaigheadh sé/sí | go bhfaighe sé/sí | faigheadh sé/sí |
| 1ú Iolra | gheobhaimis | ní bhfaighimis | go bhfaighimid | faighimis |
| 2ú Iolra | gheobhadh sibh | ní bhfaigheadh sibh | go bhfaighe sibh | faighigí |
| 3ú Iolra | gheobhaidís | ní bhfaighidís | go bhfaighe siad | faighidís |
| Saorbhriathar | gheofaí | ní bhfaighfí | go bhfaightear | faightear |
Tábla 5T: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair feic #
Ainm Briathartha: feiceáil | Aidiacht Bhriathartha: feicthe
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite (Neamhspleách) | An Aimsir Chaite (Spleách) | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | feicim | chonaic mé | ní fhaca mé | d’fheicinn | feicfidh mé |
| 2ú Uatha | feiceann tú | chonaic tú | ní fhaca tú | d’fheicteá | feicfidh tú |
| 3ú Uatha | feiceann sé/sí | chonaic sé/sí | ní fhaca sé/sí | d’fheiceadh sé/sí | feicfidh sé/sí |
| 1ú Iolra | feicimid | chonaiceamar | ní fhacamar | d’fheicimis | feicfimid |
| 2ú Iolra | feiceann sibh | chonaic sibh | ní fhaca sibh | d’fheiceadh sibh | feicfidh sibh |
| 3ú Iolra | feiceann siad | chonaic siad | ní fhaca siad | d’fheicidís | feicfidh siad |
| Saorbhriathar | feictear | chonacthas | ní fhacthas | d’fheictí | feicfear |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | d’fheicfinn | go bhfeice mé | feicim |
| 2ú Uatha | d’fheicfeá | go bhfeice tú | feic |
| 3ú Uatha | d’fheicfeadh sé/sí | go bhfeice sé/sí | feiceadh sé/sí |
| 1ú Iolra | d’fheicfimis | go bhfeicimid | feicimis |
| 2ú Iolra | d’fheicfeadh sibh | go bhfeice sibh | feicigí |
| 3ú Iolra | d’fheicfidís | go bhfeice siad | feicidís |
| Saorbhriathar | d’fheicfí | go bhfeictear | feictear |
Nóta: Is briathar rialta é feic ach amháin san aimsir chaite.
Tábla 5U: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair ith #
Ainm Briathartha: ithe | Aidiacht Bhriathartha: ite
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | ithim | d’ith mé | d’ithinn | íosfaidh mé |
| 2ú Uatha | itheann tú | d’ith tú | d’iteá | íosfaidh tú |
| 3ú Uatha | itheann sé/sí | d’ith sé/sí | d’itheadh sé/sí | íosfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | ithimid | d’itheamar | d’ithimis | íosfaimid |
| 2ú Iolra | itheann sibh | d’ith sibh | d’itheadh sibh | íosfaidh sibh |
| 3ú Iolra | itheann siad | d’ith siad | d’ithidís | íosfaidh siad |
| Saorbhriathar | itear | itheadh | d’ití | íosfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | d’íosfainn | go n-ithe mé | ithim |
| 2ú Uatha | d’íosfá | go n-ithe tú | ith |
| 3ú Uatha | d’íosfadh sé/sí | go n-ithe sé/sí | itheadh sé/sí |
| 1ú Iolra | d’íosfaimis | go n-ithimid | ithimis |
| 2ú Iolra | d’íosfadh sibh | go n-ithe sibh | ithigí |
| 3ú Iolra | d’íosfaidís | go n-ithe siad | ithidís |
| Saorbhriathar | d’íosfaí | go n-itear | itear |
Nóta: Is briathar rialta é ith ach amháin san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach.
Tábla 5V: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair tabhair #
Ainm Briathartha: tabhairt | Aidiacht Bhriathartha: tugtha
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | tugaim | thug mé | thugainn | tabharfaidh mé |
| 2ú Uatha | tugann tú | thug tú | thugtá | tabharfaidh tú |
| 3ú Uatha | tugann sé/sí | thug sé/sí | thugadh sé/sí | tabharfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | tugaimid | thugamar | thugaimis | tabharfaimid |
| 2ú Iolra | tugann sibh | thug sibh | thugadh sibh | tabharfaidh sibh |
| 3ú Iolra | tugann siad | thug siad | thugaidís | tabharfaidh siad |
| Saorbhriathar | tugtar | tugadh | thugtaí | tabharfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | thabharfainn | go dtuga mé | tugaim |
| 2ú Uatha | thabharfá | go dtuga tú | tabhair |
| 3ú Uatha | thabharfadh sé/sí | go dtuga sé/sí | tugadh sé/sí |
| 1ú Iolra | thabharfaimis | go dtugaimid | tugaimis |
| 2ú Iolra | thabharfadh sibh | go dtuga sibh | tugaigí |
| 3ú Iolra | thabharfaidís | go dtuga siad | tugaidís |
| Saorbhriathar | thabharfaí | go dtugtar | tugtar |
Tábla 5W: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair tar #
Ainm Briathartha: teacht | Aidiacht Bhriathartha: tagtha
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | tagaim | tháinig mé | thagainn | tiocfaidh mé |
| 2ú Uatha | tagann tú | tháinig tú | thagtá | tiocfaidh tú |
| 3ú Uatha | tagann sé/sí | tháinig sé/sí | thagadh sé/sí | tiocfaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | tagaimid | thángamar | thagaimis | tiocfaimid |
| 2ú Iolra | tagann sibh | tháinig sibh | thagadh sibh | tiocfaidh sibh |
| 3ú Iolra | tagann siad | tháinig siad | thagaidís | tiocfaidh siad |
| Saorbhriathar | tagtar | thángthas | thagtaí | tiocfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | thiocfainn | go dtaga mé | tagaim |
| 2ú Uatha | thiocfá | go dtaga tú | tar |
| 3ú Uatha | thiocfadh sé/sí | go dtaga sé/sí | tagadh sé/sí |
| 1ú Iolra | thiocfaimis | go dtagaimid | tagaimis |
| 2ú Iolra | thiocfadh sibh | go dtaga sibh | tagaigí |
| 3ú Iolra | thiocfaidís | go dtaga siad | tagaidís |
| Saorbhriathar | thiocfaí | go dtagtar | tagtar |
Tábla 5X: Na Briathra Neamhrialta – Réimniú an Bhriathair téigh #
Ainm Briathartha: dul | Aidiacht Bhriathartha: dulta
An Modh Táscach
| Pearsa | An Aimsir Láithreach | An Aimsir Chaite (Neamhspleách) | An Aimsir Chaite (Spleách) | An Aimsir Ghnáthchaite | An Aimsir Fháistineach |
|---|---|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | téim | chuaigh mé | ní dheachaigh mé | théinn | rachaidh mé |
| 2ú Uatha | téann tú | chuaigh tú | ní dheachaigh tú | théiteá | rachaidh tú |
| 3ú Uatha | téann sé/sí | chuaigh sé/sí | ní dheachaigh sé/sí | théadh sé/sí | rachaidh sé/sí |
| 1ú Iolra | téimid | chuamar | ní dheachamar | théimis | rachaimid |
| 2ú Iolra | téann sibh | chuaigh sibh | ní dheachaigh sibh | théadh sibh | rachaidh sibh |
| 3ú Iolra | téann siad | chuaigh siad | ní dheachaigh siad | théidís | rachaidh siad |
| Saorbhriathar | téitear | chuathas | ní dheachthas | théití | rachfar |
Na Modhanna Eile
| Pearsa | An Modh Coinníollach | An Modh Foshuiteach Láithreach | An Modh Ordaitheach |
|---|---|---|---|
| 1ú Uatha | rachainn | go dté mé | téim |
| 2ú Uatha | rachfá | go dté tú | téigh |
| 3ú Uatha | rachadh sé/sí | go dté sé/sí | téadh sé/sí |
| 1ú Iolra | rachaimis | go dtéimid | téimis |
| 2ú Iolra | rachadh sibh | go dté sibh | téigí |
| 3ú Iolra | rachaidís | go dté siad | téidís |
| Saorbhriathar | rachfaí | go dtéitear | téitear |
5.5 An tAinm Briathartha #
5.5.1 Ainmneacha Briathartha sa Chéad Réimniú #
Sa tábla thíos, taispeántar na cineálacha éagsúla ainmneacha briathartha atá sa chéad réimniú.
Tábla 5Y: Ainmneacha Briathartha – An Chéad Réimniú #
| Tréith | Samplaí |
|---|---|
| An deireadh -(e)adh | blaiseadh, briseadh, ceapadh, glanadh, meascadh, pósadh |
| Leathnú ar an bhfréamh agus an deireadh -adh | bualadh, fáscadh, loscadh, rúscadh, troscadh |
| Leathnú ar an bhfréamh | brath, cumasc, cur, gol, lot, siúl, toirmeasc, tomhas |
| Ionann is an fhréamh | amharc, crith, díol, fás, íoc, ól, ríomh, scríobh, teagasc, teip |
| An deireadh -áil | fágáil, féadachtáil, gabháil, maireachtáil, tógáil |
| -t a chur leis an bhfréamh | adhaint, baint, ceilt, deighilt, meilt, roinnt |
| An deireadh -(e)amh | buaireamh, caitheamh, fónamh, léamh, seasamh, téamh |
| An deireadh -(e)an | airleacan, leagan, ligean, teilgean, tionlacan, tréigean |
| An deireadh -chan | athnuachan, beochan, buíochan, buachan, cruachan |
| An deireadh -(e)acht | éisteacht, fanacht, gluaiseacht |
| An deireadh -im | druidim, léim, titim |
| An deireadh -úint | creidiúint, feiliúint, giniúint, leanúint, oiliúint |
| Guta fada nó défhoghar (fréamh a chríochnaíonn ar -igh, -ígh) | bá, brú, cloí, dlí, feo, guí, lí, lua, meá, ní, plé, reo, sleá, sní, sú, suí, trá, treá |
| Ainmneacha briathartha eile | bleán, faire, fóirithint, iarraidh, screadach, seinm, tuiscint |
5.5.2 Ainmneacha Briathartha sa Dara Réimniú #
Sa tábla thíos, taispeántar na cineálacha éagsúla ainmneacha briathartha atá sa dara réimniú.
Tábla 5Z: Ainmneacha Briathartha – An Dara Réimniú #
| Tréith | Samplaí |
|---|---|
| An deireadh -(i)ú | achoimriú, bailiú, cabhrú, daingniú, eagrú, fuarú, gríosú, oibriú |
| An deireadh -aí | cónaí, corraí, eachtraí, fafraí, ionsaí |
| An deireadh -í | achainí, éirí, impí, taithí |
| -t a chur leis an bhfréamh | aithint, bagairt, cosaint, eitilt, fógairt, imirt, oscailt, seachaint |
| Leathnú ar an bhfréamh | ceangal, cogar, freastal, iompar, rómhar, soláthar, taisteal |
| An deireadh -(e)amh | áireamh, cúiteamh, éileamh, iomramh, machnamh, smaoineamh |
| An deireadh -(e)ach | ceannach, cnuasach, eiteach, réiteach, taifeach |
| An deireadh -(e)acht | aoireacht, dúiseacht, fortacht, imeacht, tairngreacht |
| An deireadh -áil | admháil, athchúrsáil, teagmháil |
| An deireadh -aíocht | marcaíocht, ráthaíocht, tóraíocht |
| Ainmneacha briathartha eile | damhsa, dúchan, eisiúint, insint, tiúchan |
5.6 Díochlaonadh an Ainm Bhriathartha #
5.6.1 An Ginideach #
(a) Is ionann foirm de ghnáth do ghinideach an ainm bhriathartha agus don aidiacht bhriathartha sna cásanna a léirítear sa tábla thíos:
Tábla 5AA: Díochlaonadh an Ainm Bhriathartha – Ginideach an Ainm Bhriathartha ar Aon Fhoirm leis an Aidiacht Bhriathartha #
| Tréith | Ainm Briathartha | Foirm an Ghinidigh |
|---|---|---|
| Ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -(e)adh | bearradh cáineadh folcadh moladh | scian bhearrtha rún cáinte dabhach folctha dán molta |
| Ainmneacha briathartha aonsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta fada nó ar dhéfhoghar | cló reo sú | leabhar clóite uachtar reoite páipéar súite |
| Ainmneacha briathartha ilsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta fada | cónaí éalú ionsaí | áit chónaithe bealach éalaithe lucht ionsaithe |
| Ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -ilt, -in(g)t (ach amháin -áint, -úint), -irt | cuimilt cosaint labhairt | barr cuimilte gléas cosanta deis labhartha |
| Roinnt ainmneacha briathartha firinscneacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan | coimeád léamh scríobh | fear coimeádta lucht léite an focal scríofa |
| Corrainm briathartha eile | bruith druidim | práta bruite dorn druidte |
Nóta: Níl gnáthghinideach de réir ceann de na díochlaontaí (féach 3.3.4) ar ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -(e)adh nó a chríochnaíonn ar ghuta fada, e.g., bearradh, cló, cónaí.
(b) Is é ginideach an ainmfhocail, de réir an díochlaonta lena mbaineann, a bhíonn–
(i) ar ainmneacha briathartha áirithe:
Tábla 5BB: Díochlaonadh an Ainm Bhriathartha – Ainmneacha Briathartha Áirithe #
| Tréith | Ainm Briathartha | Foirm an Ghinidigh |
|---|---|---|
| Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2) | gol machnamh | fonn goil ag déanamh a machnaimh |
| Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) | fóirithint | foireann fóirithinte |
| Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh, i gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -áil, -aíl, -áint, -úint, -cht agus corrainm briathartha eile (féach 2.4.2) | admháil dúiseacht iomáint lúbarnaíl oiliúint díolaim éag tuiscint | páipéar admhála clog dúiseachta foireann iomána le teann lúbarnaíola coláiste oiliúna fear díolama ar chúl éaga bua tuisceana |
(ii) ar ghnáth-ainmfhocail a úsáidtear chun feidhmeanna de chuid ainm briathartha a dhéanamh ach nach dtéann réimniú briathair thairis sin orthu:
Tábla 5CC: Díochlaonadh an Ainm Bhriathartha – Gnáth-Ainmfhocail a úsáidtear chun Feidhmeanna de chuid Ainm Briathartha a dhéanamh #
| Tréith | Ainm Briathartha | Foirm an Ghinidigh |
|---|---|---|
| Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2) | ag magadh ag seanchas | cúis mhagaidh fear seanchais |
| Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) | ag báisteach ag fearthainn | cuma bháistí fuadar fearthainne |
| Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh, i gcásanna ina gcuirtear foirceann leis an mbun-ainmfhocal, e.g., bádóir, bádóireacht; peata, peataireacht agus i gcás corrainm briathartha eile (féach 2.4.2) | ag bádóireacht ag peataireacht ag bradaíl ag feadaíl | cumann bádóireachta an iomarca peataireachta bó bhradaíola port feadaíola |
Nóta: Níl foirm don aidiacht bhriathartha ar ainmneacha briathartha de na cineálacha sin atá luaite in (b)(ii). Tá foirm na haidiachta briathartha in easnamh freisin ar ghnáthainmneacha briathartha áirithe, e.g., achainí, uair na hachainí; fónamh, fear fónaimh; gol, racht goil; guí, faoi bhrí na guí; maireachtáil, slí mhaireachtála.
(iii) ar na hathleaganacha atá ar mhórán ainmneacha briathartha chun leanúnachas, minicíocht, teibíocht, toradh nó gníomh a chur in iúl:
Tábla 5DD: Díochlaonadh an Ainm Bhriathartha – Athleaganacha ar Ainmneacha Briathartha #
| Tréith | Ainm Briathartha | Foirm an Ghinidigh |
|---|---|---|
| Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2) | gearradh / gearrthach leagan / leagáiste léamh / léitheoireacht | poll gearrthaigh cáin leagáiste ábhar léitheoireachta |
| Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) | briseadh / brisíl bualadh / bualfartach ceannach / ceannacht | ag déanamh brisíle fuaim bualartaí cúrsaí ceannachta |
| Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh (féach 2.4.2) | feannadh / feannaireacht foghlaim / foghlaimeoireacht goid / gadaíocht | obair fheannaireachta ceird na foghlaimeoireachta ag déanamh gadaíochta |
(c) Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a bhfuil dhá fhoirm orthu sa ghinideach – foirm na haidiachta briathartha agus foirm de réir ceann de dhíochlaontaí na n-ainmfhocal:
Tábla 5EE: Díochlaonadh Ainmneacha Briathartha a bhfuil Dhá Fhoirm orthu sa Ghinideach – Foirm de réir Ceann de na Díochlaontaí #
| Tréith | Ainm Briathartha | Foirm an Ghinidigh de réir Ceann de na Díochlaontaí |
|---|---|---|
| Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (formhór na n-ainmneacha briathartha firinscneacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan) (féach 2.2.2) | brath ceannach comhrac gearán iompar tochas | lucht braith árthach ceannaigh céile comhraic cúis ghearáin gléas iompair cuaille tochais |
| Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (beagán ainmneacha briathartha baininscneacha) (féach 2.3.2) | aithris breith insint léim titim úsáid | cóir aithrise lá breithe an sórt insinte ag caitheamh léime fonn titime easpa úsáide |
| Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh (ainmneacha briathartha baininscneacha a chríochnaíonn ar -chan agus crith, foghlaim, íoc, reic, rith, seinm, slad, snámh, sníomh, tairiscint, tál, trácht, triall, troid, tuiscint) (féach 2.4.2) | beochan crith foghlaim íoc reic rith seinm sníomh trácht troid | deoch bheochana galar creatha aos foghlama fear íoca stalla reaca ligean reatha lucht seanma fearsaid sníomha brú tráchta babhta troda |
(i) Is í foirm na haidiachta briathartha a úsáidtear nuair atá cuspóir ag gabháil leis an ainm briathartha.
(ii) Is í an fhoirm eile a úsáidtear nuair is feidhm ainmfhocail nó feidhm aidiachta a bhíonn ag an ainm briathartha.
Tábla 5FF: Díochlaonadh Ainmneacha Briathartha a bhfuil Dhá Fhoirm orthu sa Ghinideach – Foirm na hAidiachta Briathartha agus Foirm de réir Ceann de na Díochlaontaí #
| Ainm Briathartha | Ginideach – Foirm na hAidiachta Briathartha | Ginideach – Foirm de réir Ceann de na Díochlaontaí |
|---|---|---|
| brath | fear a bhraite | lucht braith |
| ceannach | fear ceannaithe na mbeithíoch | árthach ceannaigh |
| déan | fear déanta brící | sórt déanaimh |
| insint | fear inste scéil | an sórt insinte |
| íoc | lá íoctha na rátaí | fear íoca |
| iompar | tar éis a iompartha | gléas iompair |
| ól | lucht ólta poitín | boladh óil |
| úsáid | modh a úsáidte | easpa úsáide |
5.6.2 An tIolra #
Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a úsáidtear mar ghnáth-ainmfhocail freisin. Bíonn foirm iolra orthu sin de réir an díochlaonta lena mbaineann siad.
- (a) I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -(e)adh, is gnách -taí (-tí) a chur in ionad an -(e)adh más -ch, -d, -l, -ll, -n, -rr, -s nó -t is críoch don fhréamh, agus -thaí (-thí) más consan eile is críoch di, e.g., baisteadh, baistí; casadh, castaí; cinneadh, cinntí; moladh, moltaí; pósadh, póstaí; tarscaoileadh, tarscaoiltí; bloscadh, bloscthaí; colscaradh, colscarthaí; crapadh, crapthaí; loscadh, loscthaí; madhmadh, madhmthaí; scríobadh, scríobthaí; speireadh, speirthí; tíolacadh, tíolacthaí, nó corruair -teacha, -thacha, e.g., filleadh, fillteacha; gearradh, gearrthacha.
- (b) I gcás ainmneacha briathartha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(i)ú, cuirtear -(u)ithe in ionad an -(i)ú, e.g., athrú, athruithe; ceartú, ceartuithe; cruinniú, cruinnithe; fiosrú, fiosruithe; míniú, mínithe; ordú, orduithe; scrúdú, scrúduithe; toiliú, toilithe.
- (c) I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -áil, leathnaítear an l agus cuirtear -acha leis, e.g., admháil, admhálacha; ofráil, ofrálacha.
- (d) I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -cht, cuirtear -aí leo, e.g., gluaiseacht, gluaiseachtaí, agus cuirtear -í le hainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -lt, -nt, -rt, e.g., bagairt, bagairtí; creidiúint, creidiúintí; oscailt, oscailtí; tairiscint, tairiscintí.
- (e) I gcás ainmneacha briathartha aonsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta, cuirtear -nna nó, corruair, -ite leo, e.g., breo, breonna; brú, brúnna; cló, clónna; dó, dónna; liú, liúnna; meá, meánna; sú, súnna; crú, crúite; rá, ráite; sá, sáite.
5.7 An Aidiacht Bhriathartha #
5.7.1 Réimíreanna leis an Aidiacht Bhriathartha #
Úsáidtear na réimíreanna do-, in-, so- le foirm na haidiachta briathartha chun rangabhálacha a dhéanamh, e.g., dochoiscthe, dofheicthe, doghluaiste, dothuigthe, indéanta, inscrúdaithe, sofheicthe, sofhoghlamtha, sophacáilte. (Féach 4.12 le haghaidh tuilleadh eolais ar an aidiacht bhriathartha.)