An Dobhriathar
Caibidil 6: The Adverb
6.1 Príomhchineálacha Dobhriathra #
6.1.1 Feidhm agus Aicmiú na nDobhriathra #
Úsáidtear an dobhriathar mar cháiliú ar bhriathar, ainm briathartha, aidiacht, réamhfhocal, cónasc nó dobhriathar eile. Seo a leanas na príomhchineálacha dobhriathra de réir feidhme:
(a) Dobhriathar Modha
e.g., amhlaidh, ar chor ar bith, go breá, go dona, go hard, freisin, os íseal:
- Shiúil sí go mall.
- Tá sí á rá os íseal.
(b) Dobhriathar Ama agus Minicíochta
e.g., amárach, anois, arís, arú inné, choíche, Dé Sathairn, go hannamh, go minic, go míosúil, inné, riamh:
- Beidh sí anseo amárach.
- Is annamh a fheicim anois iad.
(c) Dobhriathar Áite agus Treo
e.g., abhaile, abhus, amach, amú, amuigh, ann, anseo, ansin, isteach, ó thuaidh, siar, soir:
- Ní fhaca mé ann í.
- D’imigh sé amach.
(d) Dobhriathar Ceisteach
(cé gur forainmnigh cheisteacha iad na míreanna seo (féach 8.5), is minic a dhéantar tagairt dóibh mar dhobhriathra ceisteacha), e.g., cá (cá bhfuil, cá háit), cad (cad a…, cad as, cad chuige, cad é, cad é mar), cathain (cathain a…), céard (céard a…, céard é), cén (cén chaoi, cén uair), conas (conas a…):
- Cá rachaimid?
- Cén chaoi a bhfuil tú?
(e) Dobhriathar Cainníochta
e.g., ar fad, beagnach, sách:
- Níl sé sách te fós.
- Bhí sibh beagnach in am.
(f) Dobhriathar Breischéime
e.g., níos, ní ba:
- Tá Seán níos airde ná Máire.
- Bhí siad ní ba ghile ná an sneachta.
Tabhair faoi deara: Is féidir níos a úsáid sna haimsirí go léir ach nach n-úsáidtear ní b’ / ní ba ach san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach. Déantar ní b’ a úsáid roimh aidiacht dar tús guta nó fh- + guta, e.g., Ba ghá dóibh dréimire níos fearr / ní b’fhearr a fháil anuraidh; Dá mbeinn bliain níos óige / ní b’óige, d’imreoinn an cluiche; agus déantar ní ba a úsáid roimh chonsan, e.g., Bhí na braillíní níos gile / ní ba ghile ná an sneachta.
(g) Dobhriathar Treise
e.g., féin:
- Má bhí sé tuirseach féin, chuaigh sé chuig an Oireachtas.
- Is ócáid thábhachtach í; beidh an tUachtarán féin ann.
(h) Ainmfhocal a Úsáid go Dobhriathartha i gCúrsaí Tomhais
e.g., ar leithead, ar fad:
- Bhí an seomra suite sé mhéadar ar fad.
- Tá an bóithrín trí mhéadar ar leithead.
(i) Aidiacht a Úsáid go Dobhriathartha
e.g., gann, gearr:
- Bhí siad duine gearr.
- Bhí muid gann i mbainne.
(j) Dobhriathar a Úsáid go hAidiachtach
e.g., amach, aniar, anuas, isteach:
- An bhfeiceann tú an fear amach?
- Seo chugainn an bhean isteach.
- Tá an bhean aniar ar an teilifís.
- Tá braon anuas sa seomra codlata.
- Is é Tomás an cliamhain isteach.
- Tá an ghaoth anoir is an fhearthainn aniar air.
(k) Ainmfhocal nó Ainm Briathartha Bunaithe ar Dhobhriathar
e.g., ganfhiosaíocht, istoícheadóireacht:
- Tá an bleachtaire ag ganfhiosaíocht ar gach duine.
- Tá an iomarca istoícheadóireachta ar siúl san áit seo.
6.2 Dobhriathra Modha agus Dobhriathra Ama agus Minicíochta #
6.2.1 Fágáil na Míre go ar Lár #
Maidir leis na dobhriathra modha agus na dobhriathra ama agus minicíochta atá bunaithe ar aidiacht, sna cásanna seo a leanas ní chuirtear go leo:
-
(a) Sa chéim chomparáide:
- go cúramach → Tiomáin níos cúramaí amach anseo.
- go hard → Labhair níos airde feasta.
-
(b) Má tá an dobhriathar á cháiliú le dobhriathar eile:
- go minic → Níor scrúdaíodh an córas minic go leor.
- go sciobtha → Thiomáin sé sciobtha go maith.
-
(c) Má thagann dobhriathar aidiachtach roimh an dobhriathar:
- go réidh → Déan go deas réidh anois é.
- go flaithiúil → Roinneadh an bia go fial flaithiúil.
-
(d) I ndiaidh na ndobhriathra cuibheasach agus sách, má tá siad ag cáiliú focal atá díreach ina ndiaidh:
- go dian → D’oibrigh sé cuibheasach dian.
- go maith → D’imir sí sách maith.
6.3 Dobhriathra Áite agus Treo #
6.3.1 Dobhriathra Áite #
Tábla 6A: Dobhriathra Áite #
| Gluaiseacht i dtreo an tsuímh | An Suíomh | Gluaiseacht ón suíomh |
|---|---|---|
| suas Tá sé ag dul suas an staighre. | thuas Tá sé thuas staighre. | anuas Tá sé ag teacht anuas an staighre. |
| síos Tá sí ag dul síos an staighre. | thíos Tá sí thíos staighre. | aníos Tá sí ag teacht aníos an staighre. |
| amach An bhfuil tú ag dul amach don oíche? | amuigh Táim amuigh. | amach Tá sí ag teacht amach chomh fada leat. |
| isteach An bhfuil tú ag dul isteach sa teach? | istigh Is istigh sa teach a tharla an timpiste. | isteach Tar isteach chugam! |
6.3.2 Dobhriathra Treo #
Tábla 6B: Dobhriathra Treo #
| Gluaiseacht i dtreo an tsuímh | An Suíomh | Gluaiseacht ón suíomh |
|---|---|---|
| ó thuaidh Rachaimid ó thuaidh amárach. | ó thuaidh / thuaidh Tá an siopa sin ar an taobh ó thuaidh/thuaidh den chontae. | aduaidh Tháinig siad aduaidh inné. |
| ó dheas D’imigh sé ó dheas ar maidin. | ó dheas / theas Tá teach acu ar an gcósta ó dheas/theas. | aneas Tá sí ag teacht aneas faoi láthair. |
| soir An ndeachaigh tú soir chucu? | thoir Chuaigh, ach ní raibh aon duine thoir. | anoir Bhí orm teacht anoir arís. |
| siar An bhfuil tú ag dul siar anocht? | thiar An raibh tú thiar aréir? | aniar An mbeidh siad ag teacht aniar ar cuairt? |
| anonn / sall An ndeachaigh Áine sall/anonn go Sasana inné? | thall Chuaigh, tá sí thall le seachtain. | anall Cén uair a thiocfaidh sí anall arís? |
6.4 Airde an Chompáis #
6.4.1 Airde agus Fo-Airde an Chompáis #
Ionas gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na treonna, cuirtear príomhairde an chompáis i láthair sa léaráid thíos le túslitir an fhocail:
- T (an tuaisceart)
- D (an deisceart)
- O (an t-oirthear)
- I (an t-iarthar)
Léirítear thíos noda do na fo-airde a bhaineann leis an gceathramhán den chompás atá thuas.
Tábla 6C: Airde an Chompáis #
| Nod | Gluaiseacht i dtreo an tsuímh | An Suíomh Simplí | Gluaiseacht ón suíomh |
|---|---|---|---|
| I | siar | an t-iarthar (thiar) | aniar |
| ILD | siar lámh ó dheas | thiar lámh theas | aniar lámh aneas |
| IID | siar siar ó dheas | thiar thiar theas | aniar aniar aneas |
| IDLI | siar ó dheas lámh siar | thiar theas lámh thiar | aniar aneas lámh aniar |
| ID | siar ó dheas | thiar theas | aniar aneas |
| IDLD | siar ó dheas lámh ó dheas | thiar theas lámh theas | aniar aneas lámh aneas |
| DID | ó dheas siar ó dheas | theas thiar theas | aneas aniar aneas |
| DLI | ó dheas lámh siar | theas lámh thiar | aneas lámh aniar |
| D | ó dheas | an deisceart (theas) | aneas |