An Chopail

Caibidil 7: The Copula

7.1 Ginearálta #

Úsáidtear an chopail chun dhá fhocal nó dhá abairtín a cheangal le chéile.

Is ionann an leagan den chopail a úsáidtear san aimsir láithreach agus an leagan a úsáidtear san aimsir fháistineach. Ina theannta sin, is ionann an leagan den chopail a úsáidtear san aimsir chaite agus an leagan a úsáidtear san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach. Tabhair faoi deara, más san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach atá faisnéis na habairte, nach gá go mbeadh aimsir na copaile agus aimsir fhaisnéis na habairte ag aontú le chéile. Féach 7.2 le haghaidh foirmeacha simplí na copaile.

7.1.1 Feidhmeanna na Copaile #

7.1.2 Príomhfheidhmeanna na Copaile #

Is iad príomhfheidhmeanna na copaile–

  • (a) an t-ainmní a aicmiú:
    • Is sáraisteoir í.
    • Is éan é an faoileán.
    • Strainséirí is ea iad.
    • Is fear é.
  • (b) an t-ainmní a ionannú:
    • Ba í Úna an bainisteoir.
    • Is é Baile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann.
  • (c) an t-ainmní a cháiliú le faisnéis aidiachtach nó le frása a thosaíonn ar réamhfhocal:
    • Nach deas é?
    • Is fíor sin.
    • Is leor cúig euro.
    • Is as an Muileann gCearr di.
  • (d) ainmfhocal nó clásal a cháiliú le haidiacht, nó le hainmfhocal, móide forainmneach réamhfhoclach:
    • Is maith léi an chispheil.
    • Ní mór dó imeacht.
    • An féidir leis é a dhéanamh?
    • Is leor liom an méid sin.
    • An cuimhin leat an teach sin?
    • Is dona linn an briseadh seo.
  • (e) ainmfhocal a cháiliú le breischéim aidiachta:
    • Tabhair leat an ceann is fearr leat.
    • Bhí na milseáin ba dheise ite sular shroich mé an chóisir.
  • (f) úinéireacht nó gaol idir daoine a chur in iúl trína húsáid leis an réamhfhocal le:
    • Ba liomsa é.
    • Ní le Sorcha an ceann sin.
    • Tóg ceann ar bith is leat.
    • Is iníon le Seán ise.
    • Is comhghleacaí le Cáit eisean.
  • (g) clásal a cháiliú le haidiacht:
    • Is gearr go mbeidh a fhios againn.
    • Is fada ó bhí sé ann.
    • Is maith is eol duit é.
    • Is iomaí duine a thagann an treo seo.
    • B’fhada ag teacht é.
  • (h) béim a leagan ar chuid den abairt:
    • Ní inniu ná inné a saolaíodh eisean.
    • Is ag ceannach bainne a bhí mé.
    • Is chun na Spáinne a chuaigh sí.
    • Ní hí Muireann a chaill an eochair.
    • Ba í Nóra a d’aistrigh é sin.
    • Is aici a bhí an ceart.
    • Níorbh é sin an cineál comórtais a bhí ann in 1998.
    • Is inné a tháinig siad.
    • Is é Peadar a dhéanfadh an beart dá mbeadh sé anseo.
  • (i) í a úsáid in abairtí a chuireann comparáid in iúl:
    • Is troime bonn dhá phingin ná bonn pingine.
    • Is gile an ghrian ná an ghealach agus ná na pláinéid.
    • Ní lia tír ná nós.
    • Nach treise dúchas ná oiliúint?
    • Nárbh fhearr gluaisteán ná rothar?

7.2 Foirmeacha Simplí na Copaile agus Athruithe Tosaigh #

(a) Is ionann foirm shimplí agus foirm den chopail nach bhfuil i gcumasc le forainmneach ceisteach, réamhfhocal nó cónasc.

(b) Leagtar amach anseo foirmeacha simplí na copaile:

  • (i) i bpríomhchlásal;
  • (ii) i dtús fochlásail, seachas clásal coibhneasta;
  • (iii) i gclásal coibhneasta díreach;
  • (iv) i gclásal coibhneasta indíreach.

Déantar na foirmeacha a scagadh de réir aimsire. I ngach cás, tugtar an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach ar dtús agus tugtar an aimsir chaite, an aimsir ghnáthchaite agus an modh coinníollach ina dhiaidh sin.

7.2.1 Foirmeacha Simplí i bPríomhchlásal #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Sa tábla ina dhiaidh seo, leagtar amach an fhoirm dheimhneach, an fhoirm dhiúltach, an fhoirm cheisteach dheimhneach agus an fhoirm cheisteach dhiúltach den chopail san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach.

Tábla 7A: Foirmeacha Simplí i bPríomhchlásal – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

Cineál FoirmeFoirm roimh gach consan agus gach gutaSamplaí
DeimhneachisIs talamh maith anois é.
Ealaíontóir maith is ea ise.
DiúltachníNí bia bainne is ní bainne bláthach.
Ní hé a d’inis an bhréag sin.
Ceisteach DeimhneachanAn í Bríd an múinteoir?
An fada go dtiocfaidh sé?
Ceisteach DiúltachnachNach (é) Seán atá ina mhúinteoir?
Nach (í) Siobhán a bheidh ann amárach?

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Leanann séimhiú foirmeacha na copaile san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach. Úsáidtear ba nó b’ san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach mar seo a leanas:

  • (a) Cuirtear ba roimh chonsan nó roimh fh- + consan i ngach cás, e.g., Ba mhúinteoir lách é; Ba fhreagra cruinn é.
  • (b) Cuirtear ba roimh ghuta nó roimh fh- + guta sna cásanna seo a leanas:
    • (i) na forainmnigh é, í, ea, éard, eisean, ise, iad agus iadsan, e.g., Ba iad a bhuaigh an corn;
    • (ii) réamhfhocail, e.g., Ba ar theacht i bhfeidhm an Achta a tharla sé;
    • (iii) forainmnigh réamhfhoclacha, e.g., Ba ann a bhí sé;
    • (iv) dobhriathra nach dobhriathra aidiachtacha iad, e.g., Ba arú inné a d’ith siad an cáca.
  • (c) Cuirtear b’ roimh ghuta nó roimh fh- + guta sna cásanna seo a leanas:
    • (i) ainmfhocail, e.g., B’innealtóir maith í;
    • (ii) aidiachtaí, e.g., B’fhearúil an duine é;
    • (iii) na forainmnigh thaispeántacha eo, in agus iúd, e.g., B’in é é; B’eo amach é;
    • (iv) dobhriathra aidiachtacha, e.g., B’annamh a dhéanadh sé é.
  • (d) Ceadaítear na foirmeacha ba nó ab a úsáid roimh an bhforainmneach neodrach ea i lár abairt atá san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach, e.g., Saighdiúirí ab ea iad nó Saighdiúirí ba ea iad.

Tábla 7B: Foirmeacha Simplí i bPríomhchlásal – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach – An Fhoirm Dheimhneach #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + gutaSamplaí
Deimhneachbab’
nó ba (ab)
Ba mhian liomsa labhairt.
Ba fhlaithiúil go deo a chaith siad liom.
Ba bheag an chabhair dom é dá bhfaighinn in am é féin.
B’álainn an pictiúr é mura mbeadh an polla sin sa chúlra.
B’aoibhinn linn a bheith ag éisteacht leis gach oíche.
B’eol dúinn go dtéadh sí an cóngar nuair a bhíodh sé tirim.
Ba é an Rúnaí a cheartódh é sa chás sin.
Ceannaire maith ba/ab ea í siúd.
Ba aici a bhí an ceart.
Ba as Gaillimh é.
Ba ó Bhaile Átha Cliath í.

Sa tábla thíos, leagtar amach an fhoirm dhiúltach, an fhoirm cheisteach dheimhneach agus an fhoirm cheisteach dhiúltach den chopail i bpríomhchlásal atá san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach.

Tábla 7C: Foirmeacha Simplí i bPríomhchlásal – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach – An Fhoirm Dhiúltach agus an Fhoirm Cheisteach #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + gutaSamplaí
DiúltachníorníorbhNíor mhaith léi go dtarlódh sé sin.
Níorbh aon dóithín é.
Ceisteach DeimhneachararbhAr dheacair leat é?
Arbh fhearr é mar atá sé?
Ceisteach DiúltachnárnárbhNár dhána an mhaise dó é!
Nárbh é an diabhal é?

7.2.2 Foirmeacha Simplí i dtús Fochlásail, seachas Clásal Coibhneasta #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Úsáidtear gur nó gurb san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach mar seo a leanas:

  • (a) Cuirtear gur roimh chonsan i ngach cás, e.g., Is dóigh leo gur teagascóir gairmiúil é Cian.
  • (b) Cuirtear gur roimh ghuta sna cásanna seo a leanas:
    • (i) ainmfhocail (seachas ainmfhocail sna frásaí copaile réamhfhoclacha a luaitear faoi gurb thíos), e.g., Is dóigh liom gur áit dheas an t-óstán sin; Síleann an tAire gur acmhainn theoranta an ciste sin; Dúirt sí gur oifigeach maith é;
    • (ii) réamhfhocail, e.g., Deir sí gur ag an rince a bheidh sí;
    • (iii) forainmnigh réamhfhoclacha, e.g., Dúradh liom gur uait a tháinig an leabhar sin;
    • (iv) dobhriathra (seachas amhlaidh) nach dobhriathra aidiachtacha iad, e.g., Is cosúil gur inné a tháinig an litir; Tá a fhios agam gur ansin a d’fhág sí é.
  • (c) Cuirtear gurb roimh ghuta sna cásanna seo a leanas:
    • (i) na forainmnigh é, í, ea, iad, eo, in, iúd, e.g., Tuigtear gurb é an Taoiseach a osclóidh an taispeántas;
    • (ii) aidiachtaí, e.g., Ceaptar gurb amhlaidh atá an scéal; Dúirt sí gurb iontach an radharc a bhí le feiceáil; Measann an dochtúir gurb éagrach an cinneadh é;
    • (iii) dobhriathra aidiachtacha, e.g., Deir sé gurb annamh a théann sé ann;
    • (iv) ainmfhocail sna frásaí copaile réamhfhoclacha seo: acmhainn do, áil le, aitheanta do, aithnid do, eagal do/le, éadáil le, ealaín do, éigean do, eol do, oircheas do, e.g., Creidim gurb eol di an fhírinne; Tá a fhios ag gach duine gurb eagal leis an dorchadas.

Sa tábla thíos, leagtar amach an fhoirm dheimhneach agus an fhoirm dhiúltach den chopail i dtús fochlásail, seachas clásal coibhneasta, atá san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach.

Tábla 7D: Foirmeacha Simplí i dtús Fochlásail, seachas Clásal Coibhneasta – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

Cineál FoirmeRoimh chonsanRoimh ghutaSamplaí
Deimhneachgurgur
nó gurb
Deir sí gur dóigh léi go n-éireoidh leis.
Síleann sé gur údar maith é.
Measaim gur amhlaidh atá an scéal.
Tá a fhios aici gurb é an múinteoir é.
Creidim gurb eol di an freagra.
DiúltachnachnachTuigtear nach múinteoir í.
Dúirt sé nach é an captaen é.
Deir sí nach eol di an fhírinne.

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Leanann séimhiú foirmeacha na copaile san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach. Tá rogha ann i gcás na bhfoirmeacha deimhneacha – féach (a) agus (b).

(a) gur nó gurbh:

Úsáidtear na foirmeacha deimhneacha gur nó gurbh san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach mar seo a leanas:

  • (i) Cuirtear gur roimh chonsan nó roimh fh- + consan i ngach cás, e.g., D’ainneoin an méid a d’impigh sí air, níor dhóigh leis gur chóir an madra a choinneáil.
  • (ii) Cuirtear gurbh roimh ghuta nó roimh fh- + guta i ngach cás, e.g., Creidtear gurbh ealaíontóir cumasach ab ea é; Dúirt sé gurbh iomaí cleas glic a d’imir Seán air.

Tábla 7E: Foirmeacha Simplí i dtús Fochlásail, seachas Clásal Coibhneasta – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach – gur agus gurbh #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + gutaSamplaí
DeimhneachgurgurbhDúirt Eoin gur cheart é a dhíol.
Cheapamar gur fhlaithiúil an duine ab ea é.
Dhearbhaigh sé gurbh fhéimheach é.
Dúirt sí gurbh é leas an phobail é.

(b) go mba nó go mb’:

Tá sé de rogha freisin na foirmeacha deimhneacha go mba nó go mb’ a úsáid san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach mar seo a leanas:

  • (i) Cuirtear go mba roimh chonsan nó roimh fh- + consan i ngach cás, e.g., Cé gur impigh sí air, níor dhóigh leis go mba chóir an madra a choinneáil.
  • (ii) Cuirtear go mba roimh ghuta nó roimh fh- + guta sna cásanna seo a leanas:
    • na forainmnigh é, í, ea, eisean, ise, iad agus iadsan, e.g., Ba dhóigh liomsa go mba iad an fhoireann ab fhearr ar an lá;
    • réamhfhocail, e.g., Mheas mé go mba ar an mbád a tháinig siad;
    • forainmnigh réamhfhoclacha, e.g., Shíl mé go mba ann dó;
    • dobhriathra nach dobhriathra aidiachtacha iad, e.g., Dúirt sé go mba arú inné a réitigh sí an dinnéar.
  • (iii) Cuirtear go mb’ roimh ghuta nó roimh fh- + guta sna cásanna seo a leanas:
    • ainmfhocail, e.g., Bronnadh teastas uirthi á rá go mb’altra cáilithe in Éirinn í;
    • aidiachtaí, e.g., Dúirt na gasúir go mb’aoibhinn leo an cáca milis;
    • na forainmnigh thaispeántacha eo, in agus úd, e.g., Dúirt sé go mb’in a raibh aige;
    • dobhriathra aidiachtacha, e.g., Dúirt sé go mb’annamh a théadh sé ann.

Tábla 7F: Foirmeacha Simplí i dtús Fochlásail, seachas Clásal Coibhneasta – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach – go mba agus go mb’ #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + gutaSamplaí
Deimhneachgo mbago mba
nó go mb’
Dúirt Eoin go mba cheart é a dhíol.
Sílim go mba fhliúit dhaor a cheannaigh sé.
Dhearbhaigh sé go mb’fhéimheach é.
Dúirt sí go mba é leas an phobail é.

(c) nár nó nárbh:

Úsáidtear na foirmeacha diúltacha nár agus nárbh san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach mar seo a leanas:

  • (i) Cuirtear nár roimh chonsan nó roimh fh- + consan i ngach cás, e.g., Bhí mise den tuairim nár mhiste leis cabhrú leat.
  • (ii) Cuirtear nárbh roimh ghuta nó roimh fh- + guta i ngach cás, e.g., Ba léir nárbh ionann an dá stoca ar chor ar bith.

Tábla 7G: Foirmeacha Simplí i dtús Fochlásail, seachas Clásal Coibhneasta – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach – nár agus nárbh #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + gutaSamplaí
DiúltachnárnárbhBa léir nár dhochtúir cáilithe é.
Dúirt sí nár fhlichshneachta ceart é.
Dúirt sé nárbh fhéidir é a dhéanamh.
Nárbh iontach an clár faisnéise é sin?

7.2.3 Foirmeacha Simplí i gClásal Coibhneasta Díreach #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Sa tábla thíos, leagtar amach an fhoirm dheimhneach agus an fhoirm dhiúltach den chopail i gclásal coibhneasta díreach atá san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach.

Tábla 7H: Foirmeacha Simplí i gClásal Coibhneasta Díreach – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

Cineál FoirmeFoirm roimh gach consan agus gach gutaSamplaí
DeimhneachisLabhair leis an bhfear sin is uncail leat.
An bhean is cara leat a d’eagraigh é.
DiúltachnachNí cheadófar d’aon duine nach ball é nó í fanacht sa seomra.
Céard faoi na daoine nach comhaltaí iad?

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Sa tábla thíos, leagtar amach an fhoirm dheimhneach agus an fhoirm dhiúltach den chopail i gclásal coibhneasta díreach atá san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach.

Tábla 7I: Foirmeacha Simplí i gClásal Coibhneasta Díreach – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + gutaSamplaí
DeimhneachbaabCad é ba mhaith leat?
Sin an carr ba cheart duit a cheannach.
Sin rud ab éasca a rá.
Má bhí leabhar ann riamh ab fhiú a léamh, seo é.
DiúltachnárnárbhNíor dhóigh siad aon bhreosla nár ghual (é).
Níor ceannaíodh bó nár bhó mhaith (í).
Is é sin an Teachta nárbh Aire riamh (é).
Níor cheannaigh siad úlla nárbh úlla dearga (iad).

7.2.4 Foirmeacha Simplí i gClásal Coibhneasta Indíreach #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Sa tábla thíos, leagtar amach an fhoirm dheimhneach agus an fhoirm dhiúltach den chopail i gclásal coibhneasta indíreach atá san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach.

Tábla 7J: Foirmeacha Simplí i gClásal Coibhneasta Indíreach – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

Cineál FoirmeRoimh chonsanRoimh ghutaSamplaí
DeimhneachararbNá bac leis sin; sin eolas ar cuma faoi.
Is é sin an té ar dó an leabhar.
Is í sin an bhean arb iriseoir a deartháir.
An bhfuil an té arb eol dó an freagra sa seomra?
DiúltachnachnachCár imigh an duine nach féidir labhairt leis?
Is iad sin na daoine nach mian leo leanúint ar aghaidh.
Is í sin an bhean nach iriseoir a deartháir.
Sin é an t-aisteoir nach eol dó a chuid línte.

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Sa tábla thíos, leagtar amach an fhoirm dheimhneach agus an fhoirm dhiúltach den chopail i gclásal coibhneasta indíreach atá san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach.

Tábla 7K: Foirmeacha Simplí i gClásal Coibhneasta Indíreach – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + gutaSamplaí
DeimhneachararbhSin í an bhean ar mhór aici do chabhair.
Léigh sí gach leabhar arbh fhiú trácht air.
DiúltachnárnárbhCá bhfuil na daoine nár mhaith leo labhairt?
Ba dhána iad na páistí nárbh áil leo dul ar scoil.

7.2.5 Athruithe Tosaigh i ndiaidh na Copaile #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

(a) Ní dhéantar aon athrú tosaigh i ndiaidh na bhfoirmeacha seo a leanas den chopail:

  • (i) an fhoirm dheimhneach den chopail is, e.g., Is bréag é;
  • (ii) an fhoirm cheisteach dheimhneach an, e.g., An cuimhin leat an cluiche sin?;
  • (iii) an fhoirm cheisteach dhiúltach nach, e.g., Nach buachaill atá ann?.

(b) Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh an leagain dhiúltaigh den chopail ní:

  • (i) ar na forainmnigh é, í, ea, iad, eo, in agus iúd, e.g., Ní hiad a ghoid do mhála; Ní hin é mo theachsa;
  • (ii) ar na haidiachtaí seo: amháin, aon, ionann, iondúil, e.g., Ní hionann an dá chás;
  • (iii) ar na dobhriathra seo: amhlaidh, annamh, e.g., Ní hannamh dó a bheith luath;
  • (iv) ar na frásaí copaile réamhfhoclacha seo: acmhainn do, áil le, aitheanta do, aithnid do, eagal do/le, éadáil le, ealaín do, éigean do, eol do, oircheas do, e.g., Ní hacmhainn dó bille eile a íoc;
  • (v) ar na focail ar leith seo: áibhéil, éard, ionadh, iontas agus ualach, e.g., Ní hionadh ar bith é go gcuireann siad fáilte roimh chách;
  • (vi) i gcorr-sheanfhocal nó leagan cainte ar nós ní heire d’uchtach eitilt, ní heire do dhuine a bhrat.

(c) Ní chuirtear h roimh ghuta i ndiaidh an leagain dhiúltaigh den chopail ní:

  • (i) ar ghnáth-ainmfhocail (seachas iad sin a luaitear in (b)(i), (v) thuas), e.g., Ní amhrán nua é sin; Ní údarás áitiúil é;
  • (ii) ar ghnáth-aidiachtaí (seachas iad sin a luaitear in (b)(ii) thuas), e.g., Ní aisteach an rud é; Ní olc an scéal é;
  • (iii) ar réamhfhocail, e.g., Ní ar an traein a bhí mé;
  • (iv) ar fhorainmnigh réamhfhoclacha, e.g., Ní uaimse a fuair sé an t-airgead;
  • (v) ar ainmneacha dílse, e.g., Ní Eoin atá ann; Ní Éireannaigh iad go léir;
  • (vi) ar dhobhriathra (seachas iad sin a luaitear in (b)(iii) thuas), e.g., Ní anseo a tharla sé; Ní inné a cheannaigh sí é.

Tábla 7L: Athruithe Tosaigh i ndiaidh an Leagain Dhiúltaigh den Chopail ní #

h roimh ghutaGan h roimh ghuta
Forainmnigh:
Ní hé Micheál a d’inis an scéal sin.
Ní hí Muireann an captaen.
Ní headh.
Ní hiad na mic léinn a d’eagraigh an agóid.
Ní heisean an duine ba chiontaí.
Ní hise an múinteoir.
Ní hiadsan an dream a bhí i láthair.
Gnáth-ainmfhocail:
Ní údarás áitiúil é.
Ní eagraíocht charthanachta í.
Ní ealaíontóir í.
Ní oileán mór é.
Ní iascán slán é sin.
Ní eiseamláir mhaith é do na daltaí.
Aidiachtaí:
Ní hionann an dá chás.
Ní hiondúil go mbíonn an bus mall.
Ní haon dóithín é.
Ní hamháin sin ach tá tuilleadh le teacht.
Gnáth-aidiachtaí:
Ní álainn an lá é.
Ní aisteach an rud é.
Ní uaigneach an áit í.
Ní eolach an duine é.
Ní amhábhar costasach é.
Ní úr an t-arán é.
Dobhriathra:
Ní hannamh dó a bheith déanach.
Ní hamhlaidh a bhí.
Dobhriathra:
Ní inné a tháinig sé.
Ní anseo a tharla sé.
Frásaí copaile réamhfhoclacha:
Ní hacmhainn dom carr a cheannach.
Ní háil leis imeacht.
Ní haitheanta dom é.
Ní heagal leis an madra.
Ní héadáil le Seán é.
Ní healaín duit é.
Ní héigean dom fanacht.
Ní heol di an freagra.
Ní hoircheas do dhuine labhairt amach.
Réamhfhocail agus forainmnigh réamhfhoclacha:
Ní ar an mbord a bhí sé.
Ní ag an doras a d’fhág sé é.
Ní as Corcaigh di.
Ní uaimse a fuair sé an leabhar.
Ní air a bhí an locht.
Ní orthu a bhí an milleán.
Focail ar leith:
Ní háibhéil a rá go raibh an lá go hiontach.
Ní héard a bhí i gceist agam.
Ní hionadh ar bith é.
Ní hiontas ar bith é.
Ní hualach ar bith é.
Ainmneacha dílse:
Ní Eoin a bhí ann.
Ní Éireannaigh iad go léir.
Ní Ailbhe an captaen.

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Leanann séimhiú foirmeacha na copaile san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach, e.g., Ba dheas liom an seans a bheith faighte againn; Níor bheag an méid a bhí le scrúdú.

7.3 Foirmeacha Cumaisc na Copaile #

7.3.1 Forainmnigh Cheisteacha i gcumasc leis an gCopail #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí d’fhorainmnigh cheisteacha i gcumasc leis an gcopail san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach (féach 8.5.4).

Tábla 7M: Forainmnigh Cheisteacha i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

ForainmneachRoimh chonsanRoimh ghuta
cácá
Cá miste duit?
cárb
Cárb as é? / Cárb as duit?
cécé
Cé dó a dtabharfaidh sé é?
cérb
Cérb iad?

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí d’fhorainmnigh cheisteacha i gcumasc leis an gcopail san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach.

Tábla 7N: Forainmnigh Cheisteacha i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach #

ForainmneachRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + guta
cácár
Cár mhiste dó éisteacht?
cárbh
Cárbh as a athair?
Cárbh fhiú an obair sin?
cécér
Cér dhó an leabhar?
cérbh
Cérbh iad féin?
Cérbh é an t-aisteoir a chonaic tú?

Nóta: Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear an cumasc cérbh ach roimh é, í, eisean, ise, iad agus iadsan. Ní dhéantar cumasc idir cé agus na foirmeacha ab nó ba den chopail nuair nach forainmneach pearsanta a leanann cé: cérbh é; ach cé ab fhearr?; cé ba chaptaen oraibh?.

7.3.2 Réamhfhocail i gcumasc leis an gCopail #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí de réamhfhocail i gcumasc leis an gcopail san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach.

Tábla 7O: Réamhfhocail i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

RéamhfhocalRoimh chonsanRoimh ghuta
de / dodar
Cuirfear deireadh leis an imscrúdú an tréimhse dar críoch an 1ú lá de mhí Iúil.
darb
Tá aithne agam ar bhean darb ainm Máire Ní Chiarragáin.
faoifaoinar
Cé acu dlí an dlí faoinar féidir í a chúiseamh?
faoinarb
Is ábhar é sin faoinarb éasca labhairt.
iinar
Is í sin an oifig inar mian léi a bheith ag obair.
inarb
Is foirgneamh é sin inarb annamh ar cuairt é.
lelenar
Is iomaí córas atá ar fáil lenar féidir rialú a dhéanamh.
lenarb
Dúirt sí a rogha rud, ar neamhchead don té lenarb olc.
óónar
Beidh siad i scríbhinn nó i bhfoirm ónar féidir taifead scríofa a tháirgeadh.
ónarb
Bhí sé i dteannta an dreama ónarb áil leis teitheadh.
trítrínar
Faightear réidh le gach meán eile trínar féidir aon ní den sórt sin a scriosadh.
trínarb
Cén fhoirmle atá agat trínarb éasca an cheist a fhreagairt?

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí de réamhfhocail i gcumasc leis an gcopail san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach.

Tábla 7P: Réamhfhocail i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach #

RéamhfhocalRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + guta
de / dodar
Chonaic mé an fear dar ghoid a mhac an carr.
darbh
Sin é an fear darbh fhiú éisteacht leis.
Bhí aithne agam ar bhean darbh ainm Máire.
faoifaoinar
Ba é sin an cúiseamh faoinar ciontaíodh é.
faoinarbh
Sin é an t-ábhar faoinarbh fhiú labhairt.
iinar
Sin é an teach inar mhair sé.
inarbh
Sin é an foirgneamh inarbh fhéidir dul isteach ann.
lelenar
Sin an gléas lenar dhéileáil sé leis an bhfadhb.
lenarbh
Sin an fear lenarbh áil leis caint.
óónar
Sin an ceantar ónar tháinig sé.
ónarbh
Sin an dream ónarbh fhéidir éalú uathu.
trítrínar
Sin an bealach trínar tharla an timpiste.
trínarbh
Sin an modh trínarbh fhéidir an sprioc a bhaint amach.

7.3.3 Cónaisc i gcumasc leis an gCopail #

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí de chónaisc i gcumasc leis an gcopail san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach.

Tábla 7Q: Cónaisc i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

CónascRoimh chonsanRoimh ghuta
sulasular
Sular féidir leis carr a cheannach, caithfidh sé airgead a shábháil.
sularb
Sularb eol di é a bheith ann, beidh an cat imithe.
óós
Ós rud é gur agat atá eochracha an chairr, is tú a rachaidh chuig an siopa.
ós
Ós aici a bheidh an seomra, caithfidh sí féin é a réiteach.

B. An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí de chónaisc i gcumasc leis an gcopail san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach.

Tábla 7R: Cónaisc i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach #

CónascRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + guta
sulasular
Ba ghá dó síniú a bhainisteora a fháil sular cheadmhach dó saoire a ghlacadh.
sularbh
Sularbh fhéidir liom imeacht, dúnadh an geata.
óó ba
Tháinig ann don choigilteas ó ba lú an caiteachas ná mar a bhíothas ag súil.
ó ba
Ó ba ann dó, níorbh fhéidir é a shéanadh.

7.3.4 má i gcumasc leis an gCopail #

Úsáidtear má san aimsir láithreach, san aimsir fháistineach, san aimsir chaite agus san aimsir ghnáthchaite.

A. An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí de má i gcumasc leis an gcopail san aimsir láithreach nó san aimsir fháistineach.

Tábla 7S: má i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

Cineál FoirmeRoimh chonsanRoimh ghuta
Deimhneachmás
Más mian leat imeacht, is féidir leat.
Más mall, is mithid.
más
Fan sa bhaile, más amhlaidh is fearr leat é.
Más é Séamas atá ann, abair leis teacht anseo.
Diúltachmura
Mura mian léi fanacht, ní gá di.
Tabhair sampla eile dom, mura miste leat.
murab
Bean ard ab ea í, murab ionann agus Cáit.
Murab áil leis éisteacht, ní gá dó.

B. An Aimsir Chaite agus an Aimsir Ghnáthchaite

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí de má i gcumasc leis an gcopail san aimsir chaite nó san aimsir ghnáthchaite. Is iad na rialacha atá i bhfeidhm maidir le húsáid ba agus b’ atá i bhfeidhm anseo freisin (féach 7.2.1B).

Tábla 7T: má i gcumasc leis an gCopail – An Aimsir Chaite agus an Aimsir Ghnáthchaite #

Cineál FoirmeRoimh chonsan nó roimh fh- + consanRoimh ghuta nó roimh fh- + guta
Deimhneachmá ba
Má ba dhuine macánta é, b’ait an gnó a bhí ar siúl aige.
má b’ nó má ba
Má b’fhear aitheanta é, ní raibh a fhios agam é.
Má ba í a bhí ann, níor aithin sí mé.
Diúltachmurar
Murar chomhalta cláraithe é, ní raibh aon seans aige.
Murar shíntiúsóir cláraithe í, ní bhfaigheadh sí an iris sa phost.
murarbh
Murarbh éan é, b’ialtóg a bhí ann.
Ní bhíodh sí ag imirt murarbh áil léi féin é.

7.3.5 dá agus an Chopail #

Sa tábla thíos, leagtar amach samplaí de dá leis an gcopail. Is sa mhodh coinníollach amháin a úsáidtear dá. Is iad na rialacha atá i bhfeidhm maidir le húsáid ba agus b’ atá i bhfeidhm anseo freisin (féach 7.2.1B).

Tábla 7U: dá agus an Chopail – An Modh Coinníollach #

Cineál FoirmeFoirm roimh gach consan agus gach gutaSamplaí
Dá + baDá mba nó Dá mb’Dá mba mhaith leat é, d’fhéadfainn é a fháil duit.
Dá mba é d’athair a déarfadh sin, chreidfinn é.
Dá mb’fhear saibhir é, thabharfadh sé síntiús fial uaidh.
Dá mba fhreastalaí í, bheadh sí ag obair ar an deireadh seachtaine.

7.4 An Modh Foshuiteach #

Sa tábla thíos, leagtar amach foirmeacha na copaile sa mhodh foshuiteach, aimsir láithreach nó aimsir fháistineach. Ní gnách an chopail a úsáid sa mhodh foshuiteach caite.

7.4.1 Foirmeacha Foshuiteacha na Copaile #

Tábla 7V: An Modh Foshuiteach – An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach #

Cineál FoirmeRoimh chonsanRoimh ghutaSamplaí
DeimhneachguragurabGura fada buan tú.
Gura maith an mhaise dó é.
Gura slán an scéal é.
Gurab ann romhainn a bheidh sé.
Gurab amhlaidh duit.
Gurab é barr do leasa é.
DiúltachnáranárabNára fíor é.
Nára fearrde sibh é.
Nára fada go bhfeicfimid a chéile arís.
Nárab am amú é.
Nárab é a leas é.
Nárab é duit.
✓Nasc cóipeáilte!